Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/101

This page has not been proofread.
97
NIAṀ

Ḃí ḟios ag Niaṁ agus agá driṫáir Caoilte ḃeiṫ ag déanaṁ na h-oibre sin. Ḃí níḋ ar a n-aige féin a ḃí ag déanaṁ buarṫa ḋóiḃ. B'é níḋ é sin 'ná cad a ḃí imṫiġṫe ar Aṁlaoiḃ nó cé 'cu beó nó marḃ a ḃí sé. Ḃí an níḋ sin ag déanaṁ buarṫa do Ṫaḋg, mar ní áiteóċ' an saoġal air ná gur deineaḋ éagcóir ṫrom éigin ar Aṁlaoiḃ. Go dtiocfaḋ sé ṫar n-ais gan teip mura mbéaḋ nár fágaḋ ar a ċumas teaċt. Ḃí an níḋ sin ag déanaṁ buarṫa do Niaṁ, aċ má seaḋ ní buairt de'n tsaġas ċéadna a ḃí aige 'á ḋéanaṁ di. Ḃí an dá ṁaċtnaṁ úd 'n-a h-aigne aici mar ġeall air, agus gan ar a cumas an dá ṁaċtnaṁ a ṫaḃairt d'á ċéile.

Dúḃairt Taḋg gur ḋóiċ leis gur ṁaiṫ an rud teaċtaire ċur óṫuaiḋ ag triall ar Ċaoilte 'ġá ráḋ leis ḃeiṫ ar ṫuairisg an t-é a ḃí uaṫa. Go mb’ ḟéidir go dtiocfaí suas le tuairisg éigin air lastuaiḋ, go mór mór ameasg Loċlanaċ Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Do socaruiġeaḋ air sin. Do soláṫruiġeaḋ an teaċtaire. Do sgríoḃaḋ leitir ḟada agus do tugaḋ dó í le breiṫ ag triall ar Ċaoilte. Do cuireaḋ síos sa leitir sin an uile ḃlúire eóluis d'á raiḃ ag an mbeirt ar Aṁlaoiḃ. Do cuireaḋ síos a ċóṁarṫaí go léir inti, a ḋriuċ agus a ḋeaḃraṁ, a aos do réir tuairim, a ṫéagar agus a aoirde agus caṫ a ġruaige. Ní baoġal ná gur ṁol Taḋg a ṗearsa agus a ṫréiṫe. D'imṫiġ an teaċtaire agus do rug sé leis an leitir. Tar éis raint aimsire ṫáinig sé suas le Caoilte agus ṫug sé ḋó í. Do léiġ Caoilte an leitir. Má léiġ ba ċuiṁin leis láiṫreaċ an t-ógánaċ Loċlanaċ a ḃí ar iaraiḋ. Ḃí aiṫne ṁaiṫ aige air, aċ ní raiḃ, dar leis, aiṫne ag Aṁlaoiḃ air-sean. Ċuir sé leitir ṫar n-ais ag triall ar Niaṁ agus ar Ṫaḋg 'ġá innsint dóiḃ go raiḃ aiṫne aige ar Aṁlaoiḃ, agus go ndéanfaḋ sé a ḋíċeal ar a ḋ' ḟáġail amaċ cá raiḃ sé, nó an raiḃ sé beó.