B'éigean do Ṁ'lṡeaċlainn ḃeiṫ sásta. Ṫáinig deire na bliana. Do ġluais Brian agus a ṁór-ṡluaġ ó ṫuaiḋ airís go Teaṁair. Ṫáinig M'lṡeaċlainn ag triall air agus ṫug sé ḋó an Árdríġeaċt agus do luiġ sé féin isteaċ 'n-a ríġ cúige fé Ḃrian. Ar Ċúige na Míḋe iseaḋ ḋ' ḟág Brian 'n-a ríġ é.
Ḃí a lán daoine sásta go maiṫ. Ḃí a lán daoine agus ba ċuma leó. Agus ḃí raint daoine agus ḃíodar ana ṁí-ṡásta. Ḃí Gormḟlaiṫ ar an raint sin.
CAIBIDIOL XIX.
COGARNAĊ.
Is dóċa gur miṫid tuairisg éigin a ṫaḃairt ar cad d'imṫiġ ar Aṁlaoiḃ. Tá innste ċeana conus mar a ḃí sé féin agus Gormḟlaiṫ ana ṁór le n-a ċéile go luaṫ tar éis iad do ċur aiṫne ar a ċéile i gCeann Cora. Ó'n gcéad lá a ċonaic Gormḟlaiṫ é do ċrom sí ar ana ċúram a ḋéanaṁ dé i gcóṁnuiġe. Sa ċaint dóiḃ do ċuir Gormḟlaiṫ isteaċ i n-aigne an ógánaiġ na smaointe céadna a ḃí 'n-a h-aigne féin i dtaoḃ Ḃriain agus i dtaoḃ Ṁurċaḋ agus i dtaoḃ Árdríġeaċta na h-Éirean. Ḋein sí an obair sin, i ndiaiġ ar ndiaiġ, go h-ana réiḋ agus go h-ana ġasta. Ċuir sí isteaċ i n' aigne, a gan ḟios dó náċ mór, an fuaṫ agus an ṁioscais ċéadna a ḃí 'n-a croíḋe féin i gcoinniḃ Ḃriain agus i gcoinniḃ Ṁurċaḋ. Ḋein sí rud eile. Do ṁúin sí ḋó, — níor ḋeacair di é, áṁṫaċ, — conus an fuaṫ do ċoimeád istiġ agus an gealġáire do ṫaisbeáint lasmuiċ.