Lá d'á raiḃ sé féin agus Taḋg Óg ua Cealla i gCeann Cora ḃí sé féin agus Gormḟlaiṫ i n-áit fé leiṫ agus iad ag caint, agus gan aon ċoinne ag Taḋg ná ag aoinne eile náċ ag tráċt a ḃíodar ar ṁuintir Aṁlaoiḃ a ḃí ṫoir sa ḃaile. Ní h-ar aon níḋ ḋ'á ṡórd san a ḃíodar ag caint. Ḃí Gormḟlaiṫ ag cur síos d' Aṁlaoiḃ ar Ḃrian agus ar Ṁurċaḋ, agus ar an gcuma 'n-a raiḃ an uile ṡaġas éagcóra ag an mbeirt 'á ḋéanaṁ uirṫi féin. Ní raiḃ seóid ná duais saiḋḃir riaṁ aici nár tógaḋ uaiṫi ċun é bronnaḋ ar ríġ éigin nó ar ṗriúnsa éigin, i dtreó go mbéaḋ sé buiḋeaċ de Ḃrian.
“Nár ċóir, a rígan,” arsa Aṁlaoiḃ, “go dtuigfeaḋ sé i n' aigne nár ḃeag dó a ċuid féin do ḃronnaḋ agus gan cuid duine eile do ḃronnaḋ.”
“Is cuma leis, a ṁic ó,” ar sise. “Aon rud uasal n-a gcuirfiḋ sé a ṡúil agus a láṁ air ní ḃeiḋ suaiṁneas ná sástaċt aigne air go dtí go mbeiḋ an rud san taḃarṫa uaiḋ aige do ríġ éigin nó d'uasal éigin. Do ċuir an Pápa ċúġainn anall anso ó'n Róiṁ seóid ana ṡaiḋḃir, cailís óir a ḃí ċóṁ trom san gur ḃ'ar éigin ḟéadfá í ḋ'iompar ad' láiṁ. Ḃí muiriġean mo ḋá láṁ féin inti. Dob' ḟiú saiḋḃreas mór í mar ġeall ar a raiḃ d'ór inti agus gan tráċt ar a ṫuille. Aċ an órnáid oibre a ḃí geárṫa uirṫi, ba ṁó ab ḟiú an órnáid ealaḋanta san 'ná an t-ór féin: Agus d'á éaġmais sin go léir ḃí crios uirṫi de ċloċaiḃ loġṁara agus ċeannóċ' gaċ cloċ díoḃ leaṫ na Múṁan duit! Ní ṫaḃarfainn an ċailís sin ar ṡaiḋḃreas na Múṁan. Ní ṫaḃarfainn go deiṁin. Ba liom-sa an cailís sin má ba le Brian í. Cad a ḋein sé? Ċóṁ luaṫ agus ṫáinig Colla agus na manaiġ sin ṫíos go h-Inis Caṫaiġ do rug sé leis síos an ċailís uasal san ṫug sé do Ċolla í, gan oiread agus a ḟiafraiġe ḋíom-sa ar ṁaiṫ liom é nó ar ḃ'oṫ liom é! Cad 'deirir leis sin, a Aṁlaoiḃ? Ná