déanfaḋ cailís ba lúġa ab ḟiú 'ná an ċailís sin an gnó do ṁainistir Ínse Caṫaiġ?”
An ḟaid a ḃí an méid sin cainte ag Gormḟlaiṫ 'á ráḋ níor laḃair Aṁlaoiḃ. Nuair a ḃí an ċaint ráiḋte aici níor laḃair sé puínn. An méid cainte do laḃair sé ní h-ar an gcailís a laḃair sé í. Níor ḃ'ḟada go ndeiġ sé ag triall ar an gcuid eile de'n teiġlaċ mar a raiḃ Taḋg. Ċríoċ- nuiġdar an ċuaird agus ṫáinig an ḃeirt aḃaile go h-Inis Caṫaiġ.
Tamal 'n-a ḋiaiġ san iseaḋ ṫáinig an fonn ar Aṁlaoiḃ ċun an Ċreidiṁ a ġlacaḋ. Níor ḃ'ḟada a ḃí an Creideaṁ glacaiṫe aige nuair a dúḃairt sé gur ṁaiṫ leis ḃeiṫ 'n-a ṡagart. Ċuir Colla an mí teástála air, mar a dúḃraḋ. D'imṫiġ an mí agus do h-ollaṁuiġeaḋ é agus do cuireaḋ ins na mion-Órdaiḃ é. Do deineaḋ deacon dé agus do cuireaḋ isteaċ sa n-érdam é. Istiġ sa n-érdam san a ḃí an córṫa láidir, agus istiġ sa ċórṫa san a ḃí an bosca iarainn agus an ċáilís uasal istiġ sa ḃosca.
An fear n-a raiḃ cúram an érdaim air roime Aṁlaoiḃ ḃí sé, mar a dúḃraḋ, imṫiġṫe anonn go dtí an Róiṁ. D'ḟan culaiṫ éadaiġ leis, culaiṫ manaiġ, 'n-a ḋiaiġ sa n-érdam. Fuair Aṁlaoiḃ an ċulaiṫ, idir aibíd agus coċal. Ċuir sé an ċulaiṫ i gcoimeád. Ḃí ġnó aige ḋi. Ansan do leig sé air le Colla go raiḃ gnó ag an mBanriġin dé agus gur ṁaiṫ leis cead ḟáġail ċun dul go Ceann Cora. Fuair sé an cead. D'imṫiġ sé suas. Níor ḃ'ḟada gur iar sé airís an cead céadna. Má iar do fuair. Nuair a ḃí taiṫiġe déanta aige ar an gcead san d' iaraiḋ agus d'ḟáġail ḋein sé rud eile. Do ṫóg sé leis aibíd agus coċal an ṁanaiġ a ḃí roimis sa n-érdam ċun a ṡeómra codlata agus ċuir sé uime iad. D'ḟill sé a ġruaig ḟada ḋuḃ fé'n gcoċal agus ḋún sé an aibíd tímpal a ṁuiníl agus d'ḟeuċ sé sa sgáṫán.