“Déanfair an gnó!” ar seisean i n-aigne féin.
Cúpla lá 'n-a ḋiaiġ san ṫáinig sé ag triall ar Ċolla agus d'iar sé cead dul suas go Ceann Cora.
“Tá, a Aṫair,” ar seisean, “bád ag dul suas ar eiriġe lae ar maidin. Raġaiḋ mé suas ar an mbád san agus ansan féadfad, b'ḟéidir, ḃeiṫ anuas níos tráṫaṁla.”
“Tá go maiṫ, a ṁic ó,” arsa Colla.
Ní h-ar eiriġe lae a ḃí an bád san ag dul suas go Luimneaċ aċ uair a' ċloig roim lá. D'éiriġ Aṁlaoiḃ uair go leiṫ a' ċloig roim lá agus ċuir sé uime culaiṫ an ṁanaiġ agus d'ḟill sé a ġruaig fé'n gcoċal, agus siúd ċun an ḃáid é. Ḃí an doirċeaċt ann agus níor ċuir aoinne aon speic air. Ḋíol sé an t-éileaṁ agus ċuaiḋ sé isteaċ. Nuair a ṡrois sé Luimneaċ is ar ċeártain Ṁeargaiġ a ṫug sé aġaiḋ. Ċonaic sé Meargaċ.
“Dúḃairt Colla liom, a ḋuin'uasail,” ar seisean, “a ḟiafraiġe ḋíot a’ ḃféadfá macṡaṁail a ḋéanaṁ dó'n eoċair úd a ḋeinís dó ċun na cailíse ċur fé ġlas.”
“Cad d'imṫiġ ar an eoċair a ḋeineas dó?” arsa Meargaċ.
“Níor inis sé ḋom, a ḋuin'uasail, cad d'imṫiġ uirṫi ná ar imṫiġ aon rud uirṫi,” arsa Aṁlaoiḃ, go símplíḋe.
“Tá go maiṫ,” arsa Meargaċ. “Is cuiṁin liom an eoċair. Ní ḃeiḋ mé neómat 'á déanaṁ duit. Suiġ ansan. Ní fiú ḋuit imṫeaċt. Taḃarfaiḋ mé ḋuit í láiṫreaċ.”
B'ḟíor ḋó. Cúpla buille ċasúr agus cúpla sgríob bara-ciomalta agus ḃí an eoċair déanta.
“Seo,” arsa Meargaċ. “Siní agat í. Seaċain agus ná caill í mar a cailleaḋ an ceann eile.”
“Gura maiṫ agat, a ḋuin'uasail,” arsa'n manaċ bréige.
Ṫáinig Aṁlaoiḃ amaċ as an gceártain agus an eoċair aige. Ḃí sgannra air an ḟaid a ḃí sé istiġ le h-eagla go ndéarfaḋ Meargaċ, “Raġad féin síos ag triall ar Ċolla