Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/111

This page has not been proofread.
107
NIAṀ

tseóid an ċailís ain. Dar leis an mbeirt ní raiḃ seóid eile mar í le fáġail sa doṁan an uair sin.

Nuair a ḃí tamal beag caiṫte acu ag feuċaint uirṫi agus ag déanaṁ iongnaḋ ḋi do ṫóg Gormḟlaiṫ léi í agus ċuir sí i gcoimeád í.

“Agus,” ar sise, “beiḋ an tseamróg ag an t-é a ġeóḃaiḋ amaċ as mo láiṁ-se airís í!”

D'órduiġ sí ċúig dosaein fíona, d'ḟíon altóraċ, do ċur i gciseán agus é ṫaḃairt d' Aṁlaoiḃ le breiṫ síos go h-Inis Caṫaiġ agus le cur isteaċ sa n-érdam, i gcóir na sagart. Do cuireaḋ capal agus cárbad leis féin agus leis an gciseán fíona síos go dtí an bád. Nuair a ṡrois sé an ṁainistir do tógaḋ an ciseán agus do cuireaḋ isteaċ sa n-érdam é, agus ḃí Colla gus na sagairt go léir buiḋeaċ de'n Ḃanríġin. Agus ní baoġal ná gur tugaḋ d’ Aṁlaoiḃ a ċion de'n ḃuiḋċas.

Nuair a ḃí an méid sin déanta ċuaiḋ gaċ aon rud ċun suaiṁnis. Do ġluais obair na mainistreaċ agus obair an ríġṫeiġlaiġ i gCeann Cora, ag dul ar aġaiḋ go breaġ réiḋ gan ċosg gan ċeataiġe, go dtí gur ṫáinig an Legáid anall ó'n Róiṁ. Ansan do fuaraḋ amaċ, mar a h-innseaḋ ṫuas, go raiḃ an ċailís imṫiġṫe.

An lá ḃí an Legáid i Luimneaċ ag caint le Meargaċ ḃí ḟios ag Aṁlaoiḃ go raiḃ sé ann agus ḃí ḟios aige cad a ḃí uaiḋ. Ḃí ḟios aige go maiṫ go neósfaḋ Meargaċ do'n Legáid gur ḋein sé an macṡaṁail do'n eoċair. Níor ḟan sé le n-a ṫuille. D'euluiġ sé amaċ as an mainistir agus ṗreab sé suas go Ceann Cora. D'inis sé do Ġormḟlaiṫ cad a ḃí ar siúḃal. Ċonaic Colla i gCeann Cora é, aċ níor ḋein Colla aon iongnaḋ ḋé sin. Ċeap sé go mb’ ḟéidir gur ċiseán eile fíona a ḃí ag dul síos.

Ċuir Gormḟlaiṫ Aṁlaoiḃ i ḃfolaċ go dtí go dtáinig an oíḋċe. Ansan do ġuid sí amaċ é i lár na h-oíḋċe agus