Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/115

This page has not been proofread.
111
NIAṀ

Ní raiḃ aon tseó aċ ar ḋein na manaiġ go léir de ċúram de'n tsagart óg. Agus ní raiḃ aon teóra leis an áṫas a ḃí orṫa nuair a ċonacadar sa ḃaile acu féin airís é. Ḃíoḋ sé ag déanaṁ a ḋíċil ar na ceisteana d'ḟreagairt a ḃíoḋ ag teaċt ó'n uile ṫaoḃ air agus iad go léir 'n-a ṫímpal.

“Cad é an ḟaid a ḃís ar uisge?”

“A' raiḃ droċ aimsir agaiḃ, a Airt?”

“Cad é an saġas daoine na Róṁánaiġ, a Airt?”

“A' dtuigfidís aon ḟocal Gaeluinne ó ḋuine, a Airt?”

“A' ḃfuil siad ċóṁ buiḋe agus a deirtear iad a ḃeiṫ?”

“An daoine fóġanta iad?”

“A' ḃfuil Creideaṁ acu, a Airt?”

“Is dóċa gur Laidion ab éigean duit a laḃairt leó i gcóṁnuiġe, a Airt?”

“Is dóċa, a Airt, gur fear breaġ naoṁṫa an Pápa.”

“An caṫair ana ṁór caṫair na Róṁa, a Airt?”

Ċomáineadar leó ar an gcuma san. Ḃí Colla agus an Legáid ag feuċaint orṫa agus ag feuċaint ar Art. As ball do ḋruid an ḃeirt i leiṫ taoiḃ.

“Ċíon tú féin anois, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla, “nár ḋéin an fear san riaṁ a leiṫéid de ġníoṁ.”

“Ċím,” arsa'n Legáid. “Níor ḋein. Ní ḟéadfaḋ sé é. Tá san soiléir go leór. Aċ ċuaiḋ manaċ éigin, nó duine éigin i rioċt manaiġ, suas go Luimneaċ ag triall ar an ngaḃa agus fuair sé macṡaṁail na h-eoċraċ uaiḋ. Ċonaic Meargaċ iad go léir an lá ṫugas anuas anso é, agus ní ḟeacaiḋ sé orṫa an manaċ a fuair an eoċair uaiḋ. Is éagsaṁlaċ an sgéal é. Ní ḟeadar a tsaoġal cad is ceart dom a ḋéanaṁ 'n-a ṫaoḃ mar sgéal. Tá aon ċontaḃairt aṁáin os cionn an tsagairt óig seo agus is ceart é ṫaḃairt as an gcontaḃairt sin.”

“Cad í an ċontaḃairt atá os a ċionn, a Ṫiġearna