Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/116

This page has not been proofread.
112
NIAṀ

Easboig?” arsa Colla. “Ar nóin tá ḟios ag an saoġal ná féadfaḋ aoinne an ġadaiġeaċt san a ċur 'n-a leiṫ.”

“Is fíor ná féadfá-sa ná mise í ċur 'n-a leiṫ,” arsa'n Legáid. “Ní gáḋ dúinn aċ feuċaint air. Aċ feuċ conus mar a ṡeasuiġean an sgéal. Ḃí an ċailís sa n-érdam agus cúram an érdaim ar Art. Ní ḟeacaiḋ aoinne an ċailís ó'n lá a ḋ'imṫiġ Art go dtí an lá a ṫánag-sa anso. Ċuiris-se fios ar an mbosca iarainn an oíḋċe sin. Ḃí an bosca folaṁ. Raġaiḋ an sgéal san amaċ luaṫ nó mall. Pé áit 'n-a ḃfuil Aṁlaoiḃ tá ḟios aige go raiḃ bosca folaṁ an oíḋċe sin. Neósfaiḋ Aṁlaoiḃ an sgéal san. Raġaiḋ an sgéal ó ḃéal go béal. Cad 'déarfar? Cad a ḃeiḋ le ráḋ aċ, ‘Ní raiḃ aoinne ċun na cailíse ṫógaint aċ fear an érdaim.’”

“Tá an sgéal go h-olc, a Ṫiġearna Easboig. Cad is dóiċ leat is ceart a ḋéanaṁ?”

“Ní foláir a ḋéanaṁ amaċ, ar dtúis, náċ é Art a fuair an ṁacṡaṁail do'n eoċair ó Ṁeargaċ. Dá mbéaḋ an méid sin socair ḃéaḋ Art ó ḃaoġal. Dá ḃféadfá-sa, gan aon níḋ do leigint ort, a ċur ḟiaċaiḃ ar Art culaiṫ manaiġ do ċur uime agus dul ag déanaṁ gnóṫa ar érdaim, d'ḟéadfaí Meargaċ a ṫaḃairt anuas, fé mar a ṫugas-sa anuas ċeana é, agus leigint dó raḋarc ḟáġail ar Art. Ansan do neósfaḋ sé ḋúinn ar ḃ’ é sin an manaċ a fuair an eoċair nó nár ḃ'é.”

“Aċ, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla, “ní gáḋ dul ċun na trioblóide sin i n-aon ċor. Tá aiṫne ṁaiṫ ag Meargaċ ar Art le fada riaṁ. Dá mbé é Art a ġeóḃaḋ an eoċair d' aiṫneóċ' Meargaċ é le linn na h-eoċraċ a ṫaḃairt dó.”

“Ó, má's mar sin é,” arsa'n Legáid, “ní gáḋ ḋúinn a ṫuille de ḋuaġ an sgéil a ḋ'ḟáġail. Má deirtear aon ḟocal ċoíḋċe i gcoinniḃ an tsagairt óig seo mar ġeall ar