n-Éirinn. Ansan ċuaiḋ sé go Ceann Cora agus d'ḟág sé slán ag an Árdríġ. D'ḟág sé slán ag teiġlaċ an Árdríġ. D'inis sé do Ḃrian cad é an sgéal áṫais a ḃéaḋ aige do'n Ṗápa nuair a neósfaḋ sé ḋó na neiṫe móra a ḃí déanta ag Brian do'n Ċreideaṁ i n-Éirinn, agus na neiṫe ba ṁó 'ná san a ḃí i ndán dó a ḋéanaṁ anois nuair a ḃí a ċóṁaċt agus a ġradam agus a ḋliġṫe i ḃfeiḋm ar Éirinn go léir. Dúḃairt Brian leis go neósfaḋ sé an ḟírinne do'n Ṗápa nuair a neósfaḋ sé na neiṫe sin dó. Ansan do ḃronn Brian seóide uaisle air, agus do sgaradar.
D'ḟág an Legáid slán ag Murċaḋ, agus d'ḟág sé slán ag Gormḟlaiṫ.
Isé focal déanaċ adúḃairt sé le Colla agus é ag imṫeaċt amaċ ar an loing, ó Inis Caṫaiġ: “An cuiṁin leat, a Ċolla,” ar seisean, “an focal úd adúḃart leat i dtaoḃ Ḃriain agus an níṁe?”
“Is cuiṁin, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla. “Do laḃras leis an Ríġḋaṁna. Tá gaċ níḋ socair díreaċ mar a ċóṁairlíġis.”
“Laḃair airís leis,” ar seisean, “agus inis dó go ndúḃart leat laḃairt airís leis.”
“Déanfad, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla.
Ċuaiḋ an Legáid ar bórd na loinge agus do ġluais an long amaċ ó Inis Caṫaiġ, siar béal na Sionainne, ṫar Léim Ċúċulainn, amaċ an ḟaraige ṁór.
Do ḋein na manaiġ i n-Inis Caṫaiġ a ngnó do réir na riaġal. Ḃí an sgoluiġeaċt ins na sgoileanaiḃ agus na h-úrnuiġṫe ins na h-eaglaisiḃ, an trosgaḋ agus an treiġneas agus gaċ gnó diaḋa eile ar siúḃal mar ba ċeart, fé ċomairce Ṡeanáin naoṁṫa. Ḃí Colla go díċealaċ agus go dúrṫaċtaċ ag feuċaint i ndiaiġ gaċ aon níḋ agus i ndiaiġ gaċ aon duine. Ḃí eoċair an bosca iarainn 'n-a