Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/125

This page has not been proofread.
121
NIAṀ

cúige nó priúnsa nó fear léiġinn, go ḃféadfaí é cur ċun cóṁnuiġṫe ar a ṡuaiṁneas, pé fada gairid ba ṁaiṫ leis fanṁaint.

Ċuir an obair sin tuille gnóṫa ar Meargaċ agus ar na ceárdaiḋṫiḃ a ḃí ag obair aige. D'á éaġmuis sin, ċóṁ luaṫ agus ḃí Brian i n' Árdríġ ar Éirinn ḃí na ríġṫe eile, ríġṫe na gcúigí, ag cur fios go Ceann Cora ar gaċ aon tsaġas airm. Ní raiḃ aon ṁeas ar ċlaiḋeaṁ ná ar ṡleaġ ná ar ṫuaiġ mura ḃféadfaí a ráḋ gur i gCeann Cora, i gceártain Ṁeargaiġ, a deineaḋ iad. Do ċuir san, leis, tuille gnóṫa ar Ṁeargaċ. B'éigean dó tuille gaiḃní agus tuille de gaċ aon tsaġas ceárdaiṫe do ċur ag obair. Ḃí cúram mór air, aċ ḃí níḋ ar a aigne ba ṁeasa ḋó ċuige 'ná an cúram, d'á ṁéid é. Ḃí ḟios aige go raiḃ an ċailís ḋaor úd guidiṫe as an mainistir agus gur ḃ 'é féin fé ndeár é. Ḃí ḟios aige gur ḋein sé beart ṡímplíḋe nuair a ṫug sé an ṁacṡaṁail úd na h-eoċraċ isteaċ i láiṁ aoinne le breiṫ síos ag triall ar Ċolla. Ḃí ḟios aige go raiḃ sé ceart aige féin dul síos agus í ṫaḃairt isteaċ i láiṁ Ċolla féin. Dá ndeineaḋ sé mar sin ṫiocfaḋ an ḟírinne amaċ láiṫreaċ, agus ní guidfí an ċailís.

Ḃí sé ag maċtnaṁ ar an méid sin ó'n lá a ḃí an Legáid ag caint leis agus d'á ṁéid maċtnaṁ a ḋein sé ar an sgéal iseaḋ is mó a ḃí an sgéal ag breiṫ ġreama ar a ċroíḋe. Ḃí an sgéal 'á ċur amú ar a ġnó agus ag baint codla na h-oíḋċe ḋé. Níor ḃ’ ḟéidir dó laḃairt le h-aoinne 'n-a ṫaoḃ, ná cóṁairle ḋ'iaraiḋ ar aon duine de'n ṁuintir a ḃí 'n-a tímpal, ná ar aon duine de ṫeiġlaċ Ḃriain, le h-eagla gur tuille díoḃála a ḋéanfaḋ sé. Fé ḋeire ṡocaruiġ sé ar ḋul síos agus ar laḃairt le Colla féin. Ċuaiḋ sé síos agus do laḃair sé le Colla.

“Feuċ, a Aṫair,” ar seisean, “tá mo ċroíḋe briste ó ḃeiṫ ag maċtnaṁ ar an gcuma úd 'n-ar deineaḋ amadán