Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/127

This page has not been proofread.
123
NIAṀ

tá sgannra orm le h-eagla go n-iarfaí an ċailís orm. Má deir Brian, ‘Cad 'n-a ṫaoḃ nár innsis dúinn láiṫreaċ go raiḃ sí imṫiġṫe?’ Cad a ḃeiḋ le ráḋ agam? Déarfar gur breaġ a ṫuas uain do'n ḃiṫeaṁnaċ ar imṫeaċt slán agus an ċailís a ḃreiṫ leis agus do ċur ó aon ḟáġail a ḃeiṫ ar í ṫaḃairt ṫar n-ais.”

“B'ḟéidir, a Aṫair,” arsa Meargaċ, “go mbéaḋ sé ċóṁ maiṫ againn dul ċun cainte le Murċaḋ agus an sgéal a ḋ'innsint dó ó ṫusaċ go deire. Mise fé ndeár an t-olc go léir. Ní raiḃ aon ċeart agam gan teaċt anso ċun caint leat-sa sar ar ṫugas uaim an eoċair! Ní ḟeadar an tsaoġal cad d'imṫiġ orm agus a leiṫéid de ġnó leanbaiḋe ḋéanaṁ. Nuair a ċonac an aibíd agus an coċal do baineaḋ de m' ċosaint mé glan.”

“Is uaṫḃásaċ an sgéal é,” arsa Colla. “Ní ḟeadar an tsaoġal cá dtáinig an aibíd. Ṫaisbeáin an Legáid na manaiġ go léir duit agus dúḃairt sé go ndúḃraís nár ḃ’ aoinne acu a ḃí ann.”

“Dúḃart,” arsa Meargaċ, “agus dob' ḟíor ḋom é. Ní h-aoinne acu a ḃí ann.”

“Ní miste ḋom a ḋ'innsint duit,” arsa Colla, “go raiḃ sórd droċ aṁrais ag an Legáid ar an sagart óg so againn ar an Aṫair Art mac Duiḃ, aċ dúḃart-sa leis dá mba ḋó san a ṫaḃarfá-sa macṡaṁail na h-eoċraċ go n-aiṫneófá é.”

“D' aiṫneóċainn, a Aṫair,” arsa Meargaċ. “Tá a lán des na manaiġ atá anso agus d' aiṫneóċainn iad, leis. An manaċ gur ṫugas an eoċair dó ní ḟeaca roimis sin é ná ó ṡin.”

“Ní baoġal go ḃfeacaís ó ṡin é,” arsa Colla, “agus ní dóċa gur baoġal go ḃfeicfir airís é má ḟéadan sé coimeád as do raḋarc. Is dóiċ liom d'á luaṫaċt a ḃeiḋ an sgéal go léir innste do Ṁurċaḋ againn gur b’ eaḋ is fearr é.”