Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/128

This page has not been proofread.
124
NIAṀ

D'imṫiġ an ḃeirt suas go Luimneaċ agus as san go Ceann Cora. Fuaradar caoi ar ċaint a ḋéanaṁ le Murċaḋ agus d'innseadar dó gaċ níḋ fé mar a ṫuit amaċ, i dtaoḃ na cailíse. Ċeistiġ sé iad go dlúṫ, díreaċ mar a ċeistiġ an Legáid Colla. D'á ḟeaḃas a ċeistiġ sé iad, áṁṫaċ, iseaḋ ba ṁó a ċuaiḋ an sgéal i n-aiṁréiḋ air agus iseaḋ ba ḋeacara ḋó aon tuairim a ṫaḃairt do cé r' ḃ' é an biṫeaṁnaċ. Dúḃairt sé leó gur ḃ'ḟearr gan an sgéal do leigint amaċ.

“Isé mo ṫuairim láidir,” ar seisean, “pé h-é an biṫeaṁnaċ, ná fuil sé ró ḟada uainn an neómat so, agus go ḃfuil sé ag faire go dlúṫ orainn feuċaint cad a ḋéanfaimíd. Ní h-aon duine iasaċta é. Ṫaisbeáin sé an iomad eóluis. Ḃí ḟios aige cá raiḃ an ċailís i gcoimeád, agus ḃí ḟios aige cá raiḃ an eoċair, agus ḃí ḟios aige cé r' ḃ' é an gaḃa a ḋein an eoċair. Is iongantaċ an bob a ḃuail sé ort, a Ṁeargaiġ!” ar seisean, ag cur sgeartaḋ gáire as. — “Má airiġim-se aon ḟocal ó m'aṫair,” ar seisean, “'ġá ráḋ gur ṁaiṫ leis an ċailís a ḋ'ḟeisgint, nó gur ṁaiṫ leis í ċur go h-Árdṁaċa, cuirfiḋ mé ḋé é. Ní mór ḋúinn go léir ḃeiṫ ag faire coitċianta feuċaint an ḃfaiġmís aon ṗioc de raḋarc ná de ḃalaiṫ an ḃiṫeaṁnaiġ.”

Ċuir an méid sin aigne na beirte ċun suaiṁnis mórán. Ṫáinig Meargaċ go Luimneaċ ċun a ġnóṫa, agus ṫáinig Colla aḃaile ċun na mainistreaċ.

Nuair ḟágadar Murċaḋ do ċrom seisean ar ṁaċtnaṁ. Ṫuig sé áilneaċt na cailíse agus a daoire. Ḃí ḟios aige, pé r' ḃ' é an biṫeaṁnaċ, go ndéanfaḋ an ċailís sin fear saiḋḃir dé i gcaiṫeaṁ a ṡaoġail, dá ḃféadaḋ sé í ḋíol, agus go ndéanfaḋ sí daoine saiḋḃre d'á ṡlioċt ar feaḋ seaċt nglún. Ḃí ḟios aige nár ḃ’ ḟéidir í ḋíol i n-Éirinn. Dá gceannaiġtí í i n-aon ṁainistir ná i n-aon eaglais i n-Éirinn go n-aireófí teaċt ṫáirsí go luaṫ, ó ḃéal go béal,