Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/133

This page has not been proofread.
129
NIAṀ

Ċonaic na fir go léir, íseal agus uasal, go raiḃ gráin gan teóra ag Brian ar ġníoṁarṫaiḃ de'n tsórd san. Mar ġeall ar an uraim a ḃí acu do Ḃrian do ḋein na fir go léir, uasal agus íseal, aiṫris air sa níḋ sin, leis. Má b'uasal an rud do Ḃrian an ġráin sin a ḃeiṫ aige ar ġníoṁarṫaiḃ de'n tsórd san, dob' uasal an rud é, dar leó, d'aon ḟear. As san dúḃairt gaċ fear go raiḃ gráin aige féin ar ġníoṁarṫaiḃ de'n tsórd san. As san do ṫug gaċ fear mar ḃéas dó féin ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ as nár ṫug sé riaṁ “masla ná tarcaisne do ṁnaoi.” Do lean an aiṫris ar Ḃrian, agus do lean an ċaint, agus do lean an maoiḋeaṁ. As san do neartuiġ an nós agus do tugaḋ fé ndeara, ar fuid na h-Éirean, ná deineaḋ fir Ḃriain gníoṁarṫa de'n tsórd san. Fé mar a leaṫ cóṁaċt Ḃriain do leaṫ na nósa a ḃí ag fearaiḃ Ḃriain. Ar ball do tugaḋ fé ndeara ná deintí na gníoṁarṫa gráinneaṁla úd i n-aon ḃall i n-Éirinn.

Ansan, nuair a ṫagaḋ Niaṁ agus a h-aṫair go Ceann Cora, agus nuair a ċíoḋ na ríġṫe óga Níaṁ, do ċuiṁniġdís ar an uaisleaċt agus ar an nósṁaireaċt a ḃí tagaiṫe ar Ġaeḋlaiḃ Éirean go léir agus deiridís eatarṫa féin:—

“Níor ṁiste ḋi slat díoga do ṫógaint 'n-a láiṁ, agus fáinne óir i mbara na slaite, agus siúḃal 'n-a haonar ó Ṫonn Clíoḋna go Dún Soḃairce, agus ní baoġal go ndéanfaḋ aon ḟear Gaeḋlaċ, uasal ná íseal, oiread agus focal neaṁ-uramaċ do laḃairt léi.”

Dúḃraḋ an ċaint sin, nó caint de'n tsórd, ċóṁ minic sin, agus do tuigeaḋ ċóṁ maiṫ san fírinne na cainte, gur measaḋ, 'n-a ḋiaiġ san, nuair a ḃí Brian agus Niaṁ agus an ċuid eile acu sa n-iúir, nár ċaint a ḃí sa sgéal aċ gur ḋein óigḃean uasal éigin an siúḃal san, 'n-a h-aonar, ó Ḋún Soḃairce go Tonn Clíoḋna, agus an tslat 'n-a láiṁ aici agus an fáinne óir ar an slait, agus ná fuair sí ar an