Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/134

This page has not been proofread.
130
NIAṀ

slíġ aċ an uraim agus an onóir ba ṁó a ḋ'ḟéadfaí a ṫaḃairt di. Do lean an sgéal ar an gcuma san i seanaċus na h-Éirean go dtí go dtáinig an file Gallda, Ua Mórḋa, agus gur ċúm sé an dán úd:—

“Lady, dost ṫou not fear to stray, &c.”

Is fiú an sgéal san maċtnaṁ a ḋéanaṁ air. Is 'mó ríġ agus ímpire n-a ḃfuil cúntas orṫa i seanaċus an doṁain agus n-a ḃfuil molaḋ mór ar a ngníoṁarṫaiḃ agus ar a ngradam, ar an gcuma 'n-ar ċuireadar tíorṫa fada fairsing fé smaċt a láṁ, agus ar an gcuma 'n-ar ċuireadar, má ba ríġṫe fóġanta iad, dliġṫe tairḃṫeaċa i ḃfeiḋm. Ní dóiċ liom, áṁṫaċ, go ḃfeaca riaṁ fós d'á ṫaḃairt, ar obair ná ar ṡaoṫar aon ríġ ná aon ímpire acu, molaḋ de ṡaġas an ṁolta so a ṫugan an sgéal seanaċais seo ar Ḃrian. Ní nósṁaireaċt, ná macántaċt, ná gníoṁarṫa onóraċa, na uraim do ḃantraċt, is gnáṫ ag leanṁaint slóġ agus cogaiḋ agus armála agus caṫana fuilteaċa. Neaṁ-ṡuim ins na neiṫiḃ sin iseaḋ is gnáṫ ag leanṁaint riaṁ. Neaṁ-ṡuim i ngaċ deaġ-nós, neaṁ-ṡuim i gceart an ḟir ṫall, neaṁ-ṡuim sa n-uraim is dual do ṁnáiḃ; an beiṫiġeaċ allta 'ġá ṫaisbeáint féin sa duine; gaḃáil do ċosaiḃ ins gaċ dualgas d'á mbainean le dlíġ, le deaġ-nós, le Creideaṁ; siniad na neiṫe is gnáṫ ag leanṁaint cogaiḋ agus cóṁraic agus caṫana fuilteaċa.

Ní raiḃ Brian riaṁ, ó táinig sé i n-aois a ċúig mblian ndéag, aċ sáiḋte i gcogaíḃ. Ḃí a ġaolta go léir ċóṁ sáiḋte ins na gcogaíḃ agus ḃí sé féin. I n-aiṁḋeóin na gcogaí go léir do ṫuill Brian agus a ṡlóiġte an molaḋ atá sa sgéal úd i dtaoḃ na mná óige agus i dtaoḃ na h-onóra a fuair sí ar feaḋ na slíġe go léir ó Ḋún Soḃairce go Tonn Clíoḋna. Tá buaḋ ag Brian sa méid sin ar ċóṁaċtaiḃ agus ar ríġṫiḃ agus ar ímpiríḃ an doṁain riaṁ.