Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/136

This page has not been proofread.
132
NIAṀ

“Ní h-aon ṁaiṫ,” ar seisean i n' aigne féin, “ḃeiṫ ag braṫ air go ḃféadfaḋ fear friṫálṁa ḃeiṫ maiṫ a ḋóṫin dí féin agus d'á diaḃal coíṁdeaċta. Caiṫfiḋ mé bean a ċur ag taḃairt aire ḋi.”

Ní ḟéadfaḋ sé cuiṁneaṁ ar aon ṁnaoi ċun na h-oibre sin aċ ar Niaṁ. Ḃí ḟios aige dá mbéaḋ Niaṁ i n-aice an Árdríġ, agus a ḟios a ḃeiṫ aici cad ċuige go raiḃ sí ann, nár ḃaoġal go ḃféadfaḋ Gormḟlaiṫ aon droċ níḋ ḋéanaṁ a gan ḟios di. D' imṫiġ sé féin siar go h-Uíḃ Máine. Do laḃair sé le Niaṁ. D'inis sé ḋi ó ṫusaċ go deire an sgéal go léir.

“Ní ḟéadfainn-se dul go Ceann Cora agus fanṁaint ann, a ríġ,” arsa Niaṁ. “Ní ḟéadfainn imṫeaċt ó m'aṫair féin.”

“Ní'l t' aṫair-se i n-aon ċontaḃairt, a rígan,” arsa Murċaḋ. “Ní mar sin do m'aṫair-se. Tá sé i gcon- taḃairt ṁóir. Dá ḃféadainn féin fanaṁaint sa ḃaile ní dóiċ liom go mbéaḋ aon ḃaoġal air. Tá an iomad eagla aici róṁam-sa. Nuair a ḃím as baile bíon gaċ aon níḋ ar a toil aici, agus ní ḃíon aon eagla aici roim aoinne. Ní'l aon ṗioc d'á ḟios agam' aṫair go ḃfuil aon ċontaḃairt os a ċionn. Dá neósfaí ḋó é ní ḟéadfaimís é ċosaint. Do leigfeaḋ sé amaċ an sgéal, mar ní ċreidfeaḋ sé focal dé. Tá fios aige náċ bean ró ṁaiṫ í, aċ ní ċreidfeaḋ sé i n-aon ċor go ndéanfaḋ sí aon iaraċt ar é cur ċun báis. Dá n-abraḋ aoinne leis go ndéanfaḋ, is aṁlaiḋ a ṫiocfaḋ fearg air. Déarfaḋ sé gur le corp droċ aigne a déarfaḋ aoinne a leiṫéid. Ṫuigfeaḋ sé, dá mba ná béaḋ aon ċúis eile aici le gan an gníoṁ san a ḋéanaṁ, go seaċnóċ' sí é ar ṁaiṫe léi féin. Go gcuirfeaḋ bás an Árdríġ í féin as an Árdríganaċt. D'á éaġmais sin, bean ró ábalta iseaḋ í. Tá curṫa 'n-a luiġe aici ar aigne m'aṫar ná fuil aon níḋ is fearr lei 'ná é ṁaireaċtaint