Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/139

This page has not been proofread.
135
NIAṀ

ḟeuċaint atá aici 'á ḋéanaṁ roímpi. Cad tá agaiḃ-se 'á ḋéanaṁ? Ní dóċa go ḃfuiltí-se i nḃúr suiḋe díoṁaoin agus iad súd 'ġá n-ollaṁuġaḋ féin ċóṁ díċealaċ.”

“Ná bíoḋ eagal ort, a rígan,” arsa Murċaḋ. “Ní'l aon ḟaillíġ againn 'á ḋéanaṁ. Táimíd ag gleusaḋ slóġ ins gaċ aon ċúinne de'n tír agus ag cur na n-arm is fearr 'n-a láṁaiḃ. Tá an t-ollṁúċán againne 'á ḋéanaṁ ċóṁ dian ċóṁ díċealaċ agus atá acu-san, nó b'ḟéidir níos déine, aċ táimíd 'ġá ḋéanaṁ a gan ḟios ċóṁ maiṫ agus ḟéadaimíd é. Táid na mílte fear againn ċeana féin ins na dúnaiḃ agus ins na daingeanaiḃ anso agus ansúd ar fuid na tíre. Níor ḋóiċ le h-aoinne ná béaḋ sáiḋte i n-ár n-obair go ḃfuil oiread nirt againn agus atá.”

“Ba ḋóiċ liom-sa, a ríġ,” arsa Niaṁ, “go ḃfuil dearṁad sa níḋ sin oraiḃ. B'ḟéidir dá ḃfeictí ḃúr neart go n-eireófaí as an ollṁúċán ṫall, mar go dtuigfí nár ḃ' aon ṁaiṫ ḃeiṫ a d'iaraiḋ buaḋ ḟáġail oraiḃ.”

“Ní eireófaí, a rígan,” arsa Murċaḋ. “Is aṁlaiḋ a déanfaí tuille díċil ar an ollṁúċán ṫall. Tá Gormḟlaiṫ ró ċeapaiṫe ar an ndroċ obair atá curṫa roímpi aici. D'á laige a ṁeasfaiḋ sí sinne ḃeiṫ iseaḋ is dóiċíġde gan an iomad nirt a ḃeiṫ cruinniġṫe aici i n-ár gcóir. Tá ḟios aici go ḃfuilimíd ag gleusaḋ slóġ aċ ní'l 'ḟios aici cad ċuige go ḃfuilimíd á ngleusaḋ. Ní'l ḟios aici go ḃfuil fios na h-oibre féin againn mar atá. Is dóiċ léi gur ċun na h-Árdríġeaċta do ċoimeád ó Ṁ'lṡeaċlainn agus ó Ua Néill an gleusaḋ slóġ atá againn 'á ḋéanaṁ. Dá mbeiṫeá-sa i gCeann Cora i ḃfoċair m'aṫar do ṫuigfeaḋ Gormḟlaiṫ gur ag faire uirṫi féin a ḃeiṫeá ann. Ansan ní ḃéaḋ aon ḃaoġal go ndéanfaḋ sí aon droċ niḋ air. Tá an iomad eagla aici róṁat-sa. Ní ḟeadar an doṁan cad a ḋéanfad mura ḃféadair teaċt go Ceann Cora agus fanṁaint ann.”