Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/140

This page has not been proofread.
136
NIAṀ

“Ní ḟéadfainn imṫeaċt ó m'aṫair féin, a ríġ,” arsa Niaṁ. “Ní h-aon ṁaiṫ ḋuit ḃeiṫ 'ġá iaraiḋ orm. Faiġ duine éigin eile.”

“Feuċ, a rígan,” arsa Murċaḋ, “cad é an bac atá ar t’ aṫair teaċt i n-aonḟeaċt leat! Ná déanfaḋ do ḋriṫáir aire ṫaḃairt do'n ríġeaċt so Uíḃ Máine? Tá sé ċóṁ ceangailte ar Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla beart a ḋéanaṁ i gcoinniḃ naṁad Éirean agus 'tá sé orm-sa, agus go deiṁin, agus ní gáḋ ḋom san do ráḋ le h-inġín Ṫaiḋg, tá Taḋg Mór ua Cealla ċóṁ h-ollaṁ ar ḃeart a ḋéanaṁ i gcoinniḃ naṁad Éirean agus 'tá aon ḟear, uasal ná íseal, d'á ḃfuil beó i n-Éirinn indiu.”

“An ḃfuil ḟios agat cad a ḋéanfair, a ríġ,” arsa Niaṁ.

“Laḃair le m'aṫair agus inis gaċ aon rud dó, tríd síos, fé mar atá innste agat dóṁ-sa. B'ḟéidir ansan go dtuigfeaḋ sé gur ceart dó dul go Ceann Cora agus fanṁaint ann, agus mise do ḃreiṫ leis agus do ċoimeád i n' ḟoċair ann.”

Do ḋein Murċaḋ an níḋ sin. D'inis sé do Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla an sgéal go léir tríd síos, an t-ollṁúċán a ḃí ar siúḃal ṫall i gcríoċaiḃ Loċlan agus i gcríoċaiḃ na h-Ioruaiḋe agus ins na h-oileánaiḃ, agus an t-uisge-fé- ṫalaṁ a ḃí ag an Árdrígan 'á ḋéanaṁ ċun na h-Éirean a taḃairt fé smaċt na Loċlanaċ agus Árdríġ a ḋéanaṁ d'á mac féin, de Ṡitric. Ṫaisbeáin sé ḋó gaċ deiṁne d'á raiḃ aige ar an méid sin sgéil. D'inis sé ḋó an dá ḟoláraṁ a ṫug an Legáid dó féin, tré ḃéal Ċolla. Nuair airiġ Taḋg an sgéal is beag ná gur b'aṁlaiḋ a ḃí sé ar buile toisg nár h-innseaḋ fadó ḋó é. Ṡocaruiġ sé láiṫreaċ ar ṫeaċt go Ceann Cora agus Niaṁ a ṫaḃairt leis. Do tugaḋ tiġ breaġ glan uasal solusṁar dóiḃ, ċun cóṁnuiġṫe ann, i n-aice tíġe ṁóir Ḃriain. Do fuaraḋ, mar ġnó súl le déanaṁ do Ṫaḋg Mór ḃeiṫ ag caḃruġaḋ leis an Árdríġ i