Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/141

This page has been proofread.
137
NIAṀ

ngnóṫaiḃ stáit. Níor ḃ’ aon iongnaḋ, ansan, Niaṁ do ṫeaċt ann. Do ṫuig gaċ aoinne ná fanfaḋ sí sa ḃaile i ndiaiġ a h-aṫar.


CAIBIDIOL V.

PÚICÍNÍ.

Cá ḃfuair Murċaḋ an t-eólus a ḃí aige ar an ollṁúċán a ḃí ar siúḃal i gcríoċaiḃ Loċlan, agus ar an mbun a ḃí leis an ollṁúċán? Fuair sé an t-eólus ar an gcuma so. Ḃí a ġiollaí turais féin aige agus ḃí Caoilte aige mar ċeann orṫa. Dar leis an bpoibiliḋeaċt isé gnó Ḃriain a ḃí orṫa a ḋéanaṁ, gnó na ríġeaċta. Aċ do ṫug Murċaḋ gnó eile, leis, le déanaṁ do ċuid acu go raiḃ iontaoiḃ aige asta. Ḃí ḟios aige go maiṫ ná féadfaḋ Gormḟlaiṫ a suaiṁneas a ċeapaḋ. Go gcaillfeaḋ sí an t-anam nó go mbéaḋ droċ obair éigin 'dir láṁaiḃ aici. Ḃí ḟios aige nár ḃ’ aon ṁaiṫ ḃeiṫ a d'iaraiḋ cosg a ċur léi. Dá gcurtí cosg léi i n-aon droċ obair aṁáin ná déanfaḋ sí aċ aġaiḋ a ṫaḃairt ar ḋroċ obair eile agus é ċeilt níb' ḟearr. Gur ḃ' ḟearr sgaoileaḋ léi agus eólus cruinn a ḋ'ḟáġail, a gan ḟios di, ar gaċ aon tsaġas droċ oibre a ḃéaḋ ar siúḃal aici. Ṫug Murċaḋ an gnó san le déanaṁ do Ċaoilte, d' “Ḟear na gCos,” a ndúḃairt Conn. Níor ṁiste an gnó ṫaḃairt le déanaṁ do Ċaoilte. Ḃíoḋ sé ins gaċ aon ċúinne d'oileán na h-Éirean, agus ní sa rioċt gcéadna a ċítí é aon dá lá as a ċéile. 'N-a ċeannaiḋe Loċlanaċ a ḃíoḋ sé uaireanta, istiġ i gcaṫair Ḃaile Áṫa Cliaṫ, ag díol éadaí olna a déintí i n-Éirinn an uair sin níb' ḟearr ná mar a déintí iad a n-aon áit lasmuiċ d'Éirinn. 'N-a