Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/143

This page has not been proofread.
139
NIAṀ

an neart slóġ ba ṁó ḟéadfaḋ sé ċruinniuġaḋ a ḃeiṫ cruinniġṫe gleusta curṫa le ċéile aige i gcóir ḃáis Ḃriain, nó i gcóir pé rud a ṫiocfaḋ. Do ṫuig ríġ Loċlan an níḋ sin go h-áluinn, agus ḃí sé ag déanaṁ a ḋíċil agus 'á ḋéanaṁ go maiṫ, agus má ḃí ní raiḃ oiread agus cor aige 'á ċur dé, ná ag Sitric 'á ċur dé, ná raiḃ cúntas cruinn ag Caoilte 'á ṫaḃairt do Ṁurċaḋ air.

Ṫéiḋeaḋ Caoilte go h-oileán Ṁanain, leis, agus ċíoḋ sé cad a ḃíoḋ ar siúḃal ann, agus ċuireaḋ sé cúntas cruinn air ag triall ar Ṁurċaḋ.

Ṫug sé cúpla cuaird óṫuaiḋ go h-Ínsiḃ Orc agus ċonaic sé cad a ḃí ar siúḃal ann. Fuair se go raiḃ ainim Ġormḟlaiṫ i mbéalaiḃ na ndaoine ann, agus go raiḃ talaṁ saiḋḃir geallta i n-Éirinn, saor ó ċíos, d'aon ḟear a ṫiocfaḋ ag caḃruġaḋ le Gormḟlaiṫ agus le ríġ Loċlanaċ Ḃaile Áṫa Cliaṫ sa ċogaḋ a ḃí le teaċt.

'N-a ċuardaiḃ go léir, nuair airiġeaḋ Caoilte an cóṁráḋ ar siúḃal i dtaoḃ an ċogaiḋ a ḃí le teaċt agus i dtaoḃ na dtalṁaintí saiḋḃire saora a ḃí le fáġail de ḃár an ċogaiḋ, ṫugaḋ sé fé ndeara, nuair a deireaḋ an fear, “Ní raġad-sa go h-Éirinn. Is buan fear 'n-a ḋúṫaiġ féin. Ṁarḃóċ' Murċaḋ mé,” go ndeireaḋ an ḃean, “Is fear meaṫta ṫú! Mura dtéiḋir-se ann raġad-sa ann! Nó má ṫéiḋean tú ann raiġmíḋ go léir ann i n-aonḟeaċt leat. Tá fir againne a ḃeiḋ maiṫ a ḋóṫin do Ṁurċaḋ, ní h-eaḋ aċ ró ṁaiṫ ḋó. Is fearr dul go h-Éirinn, pé críċ a ḃéarfaiḋ sinn, agus beaṫa bog sóġail a ḃeiṫ ag duine ar ṫalaṁ ḃreaġ ṡaiḋḃir, 'ná ḃeiṫ a d' iaraiḋ beaṫa doċt daor a ḃaint as na riasgaiḃ fiaine fuara so!”

Ḃí aiṫne ṁaiṫ ar Ṁurċaḋ an uair sin, ní h-aṁáin ameasg na Loċlanaċ a ḃí 'n-a gcóṁnuiġe i n-Éirinn, aċ ar fuid tíre Loċlan go léir, agus ar fuid na h-Ioruaiḋe, agus i n-Ínsiḃ Orc, agus ċóṁ fada óṫuaiḋ le h-Inis Tuile. Nuair