Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/144

This page has not been proofread.
140
NIAṀ

ba ṁaiṫ le mnaoi eagla ċur ar leanḃ ní deireaḋ sí aċ, “Eist do ḃéal nó glaoḋfad ar Ṁurċaḋ ċúġat!” nó “Ċúġat Murċaḋ!”

Ní raiḃ Caoilte i n-aonar sa n-obair a ḃí aige 'á déanaṁ. Ḃí a ṫeaċtairí aige le cur uaiḋ go h-Éirinn nuair a ḃíoḋ eólus éigin na fuilingeóċ' ríġneas aige le cur ag triall ar Ṁurċaḋ. Ċuireaḋ sé uaiḋ a ṫeaċtaire agus d'ḟanaḋ sé féin ṫall ag faire ċuige, ag lorg tuile eóluis.

Do ṫárla, lá d'á raiḃ sé ṫall i gCaṫair na Beirbe, gur ġluais ráfla ó ḃéal go béal ameasg na ndaoine.

“Ó,” a déarfaḋ duine le duine, “ar airiġis an sgéal nua?”

“Níor airiġeas airiú! Cad é an sgéal nua é?” a déarfaí 'á ḟreagraḋ.

“Árdríġ Éirean atá marḃ!”

“Eist do ḃéal!”

“Ó, go deiṁin ní'l aon ḟocal bréige ann. Loċlanaċ óg uasal ó Áṫa Cliaṫ a ṫug an sgéal nua anall anso ag triall ar an ríġ, agus d'á ċóṁarṫa san féin isé Sitric, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ do ċuir anall é. Tá Brian marḃ agus beiḋ Sitric i n' Árdríġ anois.”

Ansan déarfaḋ duine eile a ṫiocfaḋ suas:—

“Tá an éagcóir agat. Níor ṫugais an sgéal sa ċeart leat. Ní h-é an t-Árdríġ atá marḃ. Ní'l aoinne marḃ. Is aṁlaiḋ a ċuir Sitric anall anso ó Áṫa Cliaṫ an priúnsa óg, Aṁlaoiḃ, 'ġá innsint do'n ríġ go ḃfuil Gormḟlaiṫ go maiṫ agus go ḃfuil gaċ aon níḋ ag dul ċun cinn aici ar a toil. Go ḃfuair sí an saiḋḃreas a ḃí uaiṫi agus go ḃfuil sí sásta.”

“Cad é an saiḋḃreas a ḃí uaiṫi?” a déarfaḋ duine eile. “Náċ í Árdrígan na h-Éirean í? Tá an saiḋḃreas san aici le fada anois. Nár ḃuailtear a ṫuille uimpi! Cad a ċuir i mbéal an amadáin seo Brian a ḃeiṫ marḃ?”