Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/146

This page has not been proofread.
142
NIAṀ

leis an dteaċtaire, agus d'ḟiafraiġeaḋ sé ḋé cad é an ċúis gur cuireaḋ isteaċ sa ṗrísún san é agus gan aon rud déanta as an slíġ aige. Ní ṫugaḋ an teaċtaire aon ḟreagra air aċ fé mar a ḃéaḋ sé boḋar balḃ. D' imṫiġ lá agus oíḋċe, agus d'imṫiġ lá eile agus oíḋċe eile, agus d'ḟan Caoilte sa ṗrísún. D'imṫiġ seaċtṁain, agus ambasa ḃí gaċ aon deaḃraṁ go ḃfágfaí sa ṗrísún san é, níor ḃ'ḟios cad é an ḟaid. Ḃí sé ag maċtnaṁ agus ag maċtnaṁ, agus ní ḟéadfaḋ sé aon tuairim a ṫaḃairt do cad fé ndeara prísúnaċ a ḋéanaṁ dé. Ḃí ḟios aige go maiṫ go raiḃ sé ag cur eóluis ag triall ar Ṁurċaḋ go h-Éirinn ar neart slóġ tíre Loċlan agus ar acfuinn na tíre agus ar gaċ aon tsaġas gnóṫa stáit d'á raiḃ ar siúḃal sa n-áit. Aċ ḃí ḟios aige go maiṫ, leis, ná raiḃ cogaḋ an uair sin idir an dá ṫír, idir Éire agus críċ Loċlan, agus d'á ḃríġ sin, pé eólus a ċuirfeaḋ sé uaiḋ aḃaile go h-Éirinn nár ḃ'ḟéidir spiaireaċt do ċur 'n-a leiṫ. Má laḃair sé caint na Loċlanaċ ċóṁ maiṫ agus do laḃradar féin í ní ḋéanfaḋ san spiaire ḋé nuair ná raiḃ aon ċogaḋ ar siúḃal idir an dá ṫír.

Nuair a ḃí breis agus seaċtṁain caiṫte sa ṗrísún aige do laḃair sé, lá, leis an dteaċtaire mar seo:—

“A ḋuine ṁacánta,” ar seisean, “ní'l aon lá a ṫáinís anso le m' ċuid bíḋ ċúġam nár ḟiafraiġeas díot cad é an ċúis gur deineaḋ prísúnaċ díom. Níor ṫugais aon ḟreagra orm. Is maiṫ liom anois an méid seo do ráḋ leat, agus tá súil agam go raġaiḋ an focal ag triall ar ríġ Loċlan. Pé duine is bun le mise ċur isteaċ sa ṗrísún so, gan aon droċ ġníoṁ do ċur am' leiṫ, tá an dlíġ briste aige agus díolfaiḋ sé as. Má tugtar aon anċor dom díolfar as ċóṁ daor agus a díolaḋ riaṁ a h-éagcóir. Mura maiṫ leat laḃairt liom-sa laḃair le duine éigin eile agus inis an méid sin dó. Laḃair leis an