Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/148

This page has not been proofread.
144
NIAṀ

CAIBIDIOL VI.

ḊÁ AṀLAOIḂ?

Nuair a h-innseaḋ an sgéal do Ṁurċaḋ ní miste a ráḋ ná gur cuireaḋ ag maċtnaṁ é. Cé r' ḃ'é an fear a sgríḃ an leitir sin a tugaḋ do Ċaoilte? Cé ba ḃun le breiṫ ar Ċaoilte agus é ċur isteaċ i bprísún? Sin cuid des na ceisteanaiḃ a ḃí ag Murċaḋ 'á ḟiafraiġe ḋé féin. D'inis Caoilte ḋó conus mar a ḋ' iar Taḋg Óg ua Cealla air ḃeiṫ ag faire, 'n-a ċuardaiḃ, feuċaint an ḃfaġaḋ sé aon tuairisg ar an Aṁlaoiḃ úd, an comrádaiḋe a ḃí ag Taḋg Óg i sgoil Ínse Caṫaiġ. Nuair airiġ sé na ráflaí, ṫall, i dtaoḃ an Aṁlaoiḃ a ṫáinig ó Ṡitric, ó ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, ag triall ar ríġ críċe Loċlan, gur ċuiṁniġ sé ar an Aṁlaoiḃ a ḃí ar iaraiḋ agus gur ḃeartuiġ sé i n' aigne raḋarc ḟáġail, dá mb’ ḟéidir é, ar ṫeaċtaire Ṡitric, le h-ionaċus go mb' ḟéidir gur ḃ'é an t-Aṁlaoiḃ céadna é. Gur a d’ iaraiḋ an raḋairc sin a ḋ'ḟáġail a ḃí sé nuair a cuireaḋ an púicín air.

“Agus anois cad is dóiċ leat do'n sgéal, a ríġ?” ar seisean le Murċaḋ.

“Tá raint neiṫe sa sgéal, a Ḋuinn,” arsa Murċaḋ, “atá soiléir go leór.” (Ḃí ḟios ag Murċaḋ cé r' ḃ' é Caoilte.) “An fear a ḋ'órduiġ an púicín do ċur ort-sa ḃí ḟios aige cad a ḃí uait, gur ṫeastuiġ uait raḋarc ḟáġail air féin. Ḃí ḟios aige go n-aiṫneofá é dá ḃfaġfá raḋarc air. Fuair seisean raḋarc ort-sa sar ar ḟéadais-se raḋarc ḟáġail air-sean. Do rugaḋ 'n-a láṫair tu nuair a ḃí an púicín ort. D' ḟeuċ sé go maiṫ ort ansan. Is fear é go ḃfuil cóṁaċt aige. Mura mbéaḋ go ḃfuil ní ḃéaḋ an luċt airm úṁal dó. Tá ḟios aige cé 'ra mac tu. Siné cúis nár leig