Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/151

This page has not been proofread.
147
NIAṀ

“Cé is dóiċ leat a sgríḃ í?” arsa Caoilte leis.

“Airiú, cá ḃ'ḟios dóṁ-sa cé sgríḃ í!” arsa Taḋg.

“Ní'l aon ṗioc d'á ḟios agam cé sgríḃ í,” ar seisean, “ná cad é an bríġ atá léi.”

Do stad Caoilte. Ċonaic sé nár aiṫin Taḋg an sgríḃinn. Ḃí sé i gcás 'dir ḋá ċóṁairle cé 'cu ba ċeart dó an sgéal go léir a ḋ'innsint dó nó nár ċeart, gan cead ó Ṁurċaḋ nó ó Niaṁ. Fé ḋeire ṫuig sé, ó ṫaisbeáin sé an leitir, gur ċeart dó a ḋ'innsint cad 'n-a ṫaoḃ gur ṫaisbeáin sé í agus cad é an bríġ a ḃí léi. D'inis sé an sgéal go léir dó, na ráflaí a ḋ' airiġ sé ṫall i dtaoḃ ḃáis Ḃriain agus i dtaoḃ an Aṁlaoiḃ a ċuaiḋ anonn ó Áṫ Cliaṫ, ó Ṡitric, go ríġ Loċlan, agus i dtaoḃ an teaċtaireaċta a ḃí ag an Aṁlaoiḃ sin do'n ríġ ṫall, 'ġá ráḋ leis go raiḃ Gormḟlaiṫ go maiṫ, agus an saiḋḃreas a ḃí uaiṫi, go raiḃ sé fáġalta aici. Ansan d'inis sé ḋó conus mar a ċuaiḋ sé féin i gcóṁngar do ríġṫeiġlaċ ríġ Loċlan feuċaint a' ḃféadfaḋ sé raḋarc ḟáġail ar an Aṁlaoiḃ úd, agus conus mar a cuireaḋ an púicín air, agus mar a cuireaḋ sa ṗrísún é, agus mar a cuireaḋ anall go Corcaiġ é, agus conus mar a ṫug an captaéin an leitir dó.

D'éist Taḋg leis an innsint go breaġ socair go dtí go raiḃ an focal deirineaċ ráiḋte. Níor laḃair sé ansan féin. D'ḟan sé gan laḃairt ar fead tamail ṁaiṫ. Nuair a ḃí a ṁaċtnaṁ déanta aige do laḃair sé.

“Cad é an saiḋḃreas,” ar seisean, “a ḃí ó Ġormḟlaiṫ agus a fuair sí?”

“Siní díreaċ an ċeist náċ féidir le Niaṁ ná le Murċaḋ ná liom féin do réiḋteaċ,” arsa Caoilte. (Níor ṁaiṫ leis tráċt ar an gcailís gan cead ó Ṁurċaḋ.)

“Raġaiḋ mé leat soir go Ceann Cora,” arsa Taḋg.

Do ġluais an ḃeirt soir. D'innseadar nár aiṫin Taḋg an sgríḃinn.