Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/153

This page has not been proofread.
149
NIAṀ

claiḋre! An biṫeaṁnaċ fill! Leanfad é agus tiocfad suas leis agus bainfead an ceann ó n-a ġuailliḃ dé.”

“Go réiḋ, a Ṫaiḋg,” arsa Murċaḋ. “Ní'l deiṁne ceart i n-aon ċor fós againn air gur b'é an t-Aṁlaoiḃ a ḃí i n-Inis Caṫaiġ do sgríḃ an leitir sin nó do laḃair an ċaint atá inti. Dá mbéaḋ féin ní h-alaiḋ ḋúinn gan feuċaint róṁainn le h-eagla gur ḃ' aṁlaiḋ a ċuirfimís ar a ċumas tuille díoḃála ḋéanaṁ dúinn. Má 'sé a ḋein an méid díoḃála atá déanta ní h-aon dóiċín é. Ní foláir cuid d'á ġastaċt féin a ḋ'imirt 'n-a ċoinniḃ. Eiriġ-se siar aḃaile agus fanaḋ Niaṁ agus t'aṫair anso. Ní gan fáṫ a cuireaḋ amaċ, ṫall i gcríċ Loċlan, an ráfla úd i dtaoḃ ḃáis an Árdríġ. Do cuireaḋ amaċ an ráfla i dtreó go mbéaḋ daoine ag dul i dtaiṫiġe an sgéil agus nuair a ṫiocfaḋ an tásg ná déanfaí iomad iongnaḋ ḋé. Do cuireaḋ amaċ an ráfla le cúis eile, leis. Do cuireaḋ amaċ é mar ċóṁarṫa, 'ġá ráḋ le ríġ Loċlan ‘Lean de'n ollṁúċán ċóṁ dian agus ḟéadfair é. Ní ḟeadaraís cad é an neómat a ġeóḃaḋ Brian bás. Ḃí ollaṁ.’ 'Sé sin le ráḋ, ‘Cuirfimíd ċun báis é ċóṁ luaṫ agus is féidir é, aċ bíḋiḋ-se ollaṁ!’ Siné bríġ atá leis na ráflaíḃ.”

“Gaḃaim párdún agat, a ríġ,” arsa Taḋg le Murċaḋ, “aċ má tá daoine anso againn atá ċóṁ ceapaiṫe sin ar an Árdríġ do ċur ċun báis cad 'n-a ṫaoḃ ná beirtear láiṫreaċ orṫa agus a ndroċ ḃearta do ċur 'n-a leiṫ agus iad do ċur ċun báis! Cad ċuige ḃeiṫ ag feiṫeaṁ go dtí go mbeiḋ an droċ ḃeart déanta acu? Cad é an leiġeas ar an ndroċ ḃeart an cuirpṫeaċ do ċur ċun báis nuair a ḃeiḋ an droċ ḃeart déanta?”

“Is fíor ḋuit, a Ṫaiḋg,” arsa Murċaḋ, “gur ṡuaraċ an leiġeas ar ḋroċ ḃeart an cuirpṫeaċ do ċur ċun báis nuair a ḃéaḋ an droċ ḃeart déanta. Ní h-aṁlaiḋ atáṫar ag feiṫeaṁ go dtí go ndéanfaiḋ an cuirpṫeaċ an droċ beart.