Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/156

This page has not been proofread.
152
NIAṀ

“An túisge 'n-a mbeiḋ aon níḋ le h-innsint gur fiú é é ḋ'innsint curfar teaċtaire ṫar n-ais ċúġat, a Niaṁ,” arsa Murċaḋ. “Ní gáḋ ḋom a ráḋ leat aire ṁaiṫ a ṫaḃairt dom' leas-ṁáṫair.”

“Ná bíoḋ ceist ort, a ríġ,” ar sise. “Taḃarfad aire ṁaiṫ ḋi. Ní ċuirfiḋ sí cor di a gan ḟios dom. Táimíd go h-ana ṁór le n-a ċéile. Aċ tá ḟios aici, is dóiċ liom, cad é an gnó atá anso agam, agus tá sí ag déanaṁ a díċil ċun a ṫaispeáint dúinn go léir gur dearṁad mór dúinn aon droċ aṁras a ḃeiṫ againn uirṫi. Tá an díċeal san 'ġá coimeád ar fad ó aon níḋ a ḋéanaṁ a ċaḃróċ' leis an ndroċ aṁras. Beiḋ m'aigne féin ana ṁí-ṡásta, a ríġ,” ar sise, “go dtí go mbeiḋ 'ḟios agam cé h-é an t-Aṁlaoiḃ seo, nó an aon Aṁlaoiḃ aṁáin an dá Aṁlaoiḃ.”

“Curfar ċúġat an t-eólus, a Niaṁ,” arsa Murċaḋ, “ċóṁ luaṫ i n-Éirinn agus ḃeiḋ an t-eólus againn le cur ċúġat.”

D'imṫiġ Murċaḋ agus Caoilte amaċ ċun na h-áite 'n-a raiḃ Dúlainn agus na fir ag feiṫeaṁ leó. Ar marcaiġeaċt a ḃíodar le h-imṫeaċt. Marcaiġ ṁaiṫe ab eaḋ iad go léir. Marcaċ áluinn ab eaḋ Murċaḋ agus marcaċ áluinn ab eaḋ Dúlainn. Aċ ní raiḃ aon ḃreiṫ ag aoinne de'n ḃeirt, ná ag aon ḟear i n-Éirinn an uair sin, agus M'lṡeaċlainn Mór féin do ċur ċuige, ar Ċaoilte, ċun capail a ṁarcaiġeaċt. An stail ba ṁó agus ba ṫreise agus ba ṫréine dob' ḟéidir a ḋ'ḟáġail, agus é ḃeiṫ ag imṫeaċt fiain, gan láṁ duine do ḋul ar a ċeann go dtí go mbéaḋ sé i n-aois a ṡeaċt mblian, do léimfeaḋ Caoilte ar a ṁuin, gan srian gan ialait, agus ḋéanfaḋ sé é ṁarcaiġeaċt treasna na dúṫa go dtí go mbéaḋ an stail sin ċóṁ mín le h-uan caoiraċ aige. Ḃí Caoilte cúmṫa ċun na marcaiġeaċta ċóṁ maiṫ díreaċ agus ḃí sé cúmṫa ċun an reaṫa. Ḃí an neart agus an fuinneaṁ go léir agus an