Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/159

This page has not been proofread.
155
NIAṀ

h-Áṫ Cliaṫ agus ar laḃairt le Sitric, ó 'sé ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ é, agus ar a ḟiafraiġe ḋé an ḃfuil aon eólus aige ar an t-é is bun leis an ngníoṁ éagcórṫa so do ḋéanaṁ orainn. Dá leigimís leó an gníoṁ so gan gearán a ḋéanaṁ mar ġeall air níor ḃ'ḟada, b'ḟéidir, go ndéanfaí gníoṁ eile a ḃéaḋ níba ṁeasa 'ná é. Is lag an ḃeart dúinne a ráḋ go mbéaḋ díon agus cosnaṁ againn 'á ṫaḃairt do ċeannaiġṫiḃ Loċlanaċa i n-Éirinn, agus na cuirfimís díon ná cosnaṁ i n-áiriġṫe do ċeannaiġṫiḃ Gaeḋlaċa ṫall i dtír Loċlan.”

“Agus cá ḃfuil an ceannaiġe Gaeḋlaċ do cuireaḋ i bprísún, a ríġ?” arsa M'lṡeaċlainn.

“Má séantar an gníoṁ, a ríġ,” arsa Murċaḋ, “beiḋ an ceannaiġe le fáġail.”

“An aṁlaiḋ ba ṁaiṫ leat mise ḋul leat go h-Áṫ Cliaṫ, a ríġ?” arsa M'lṡeaċlainn.

“Dá mb' é do ṫoil teaċt linn, a ríġ,” arsa Murċaḋ, “ba ḋian ṁaiṫ an rud é. Ṫaḃarfaḋ sé le tuisgint do Ṡitric, agus tré Ṡitric do ríġ Loċlan ṫall, agus dos na Loċlanaiġ go léir, go ḃfuilimíd ar aon aigne sa sgéal. Do ċuirfeaḋ san eagla ar an t-é ḋein an gníoṁ pé h-é féin.”

“Tá go maiṫ, a ríġ,” arsa M'lṡeaċlainn. “Raġad-sa liḃ.”

Ḃí ḋá ḃuiḋean acu ann ansan agus iad ag taḃairt aġaiḋ ar Áṫ Cliaṫ. Ní raiḃ i mBaile Áṫa Cliaṫ an uair sin aċ caṫair ana ḃeag. Ḃí an féar glas ag fás go saiḋḃir ar ḟorṁór an tailiṁ atá fé ṫiġṫiḃ móra agus fé ṡráideanaiḃ breaġṫa fada leaṫana anois. Níor ḋeacair ríġṫeiġlaċ Ṡitric a ḋéanaṁ amaċ. Ṫug an dá ḃuiḋean aġaiḋ ar an ríġṫeiġlaċ. Do ċonacṫas ag teaċt iad. Ḃí Sitric agus Aṁlaoiḃ ṫuas i ḃfinneóig. Ċonacadar an dá ḃuiḋean ag teaċt ċun an ríġṫeiġlaiġ. D' aiṫniġdar Murċaḋ agus