Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/160

This page has not been proofread.
156
NIAṀ

M'lṡeaċlainn. D'aiṫin Aṁlaoiḃ Caoilte. Do riṫ Aṁlaoiḃ agus ċuaiḋ sé i ḃfolaċ.

“Ná leig ort go ḃfuil aon ṗioc eóluis agat, a ríġ, ar cá ḃfuilim-se ná an ḃfuilim beó nó marḃ,” ar seisean le Sitric.

Ċuaiḋ Sitric amaċ ag cur fáilte roim Ṁ'lṡeaċlainn agus roim Ṁurċaḋ. Do tugaḋ isteaċ iad féin agus na h-uaisle a ḃí i n-aonḟeaċt leó, agus do cuireaḋ gaċ aon ċóir orṫa. Ar ball d'inis Murċaḋ cad a ṫug é. Ḃí ana ċaṫuġaḋ ar Ṡitric nuair a h-innseaḋ dó an éagcóir a deineaḋ ar an gceannaiġe Gaeḋlaċ ṫall i gCaṫair na Beirbe.

“Ó,” ar seisean, “cuirfead-sa teaċtaire anonn 'ġá innsint do'n ríġ gur deineaḋ an éagcóir sin, agus déanfar an uile ṡaġas deiṁne agus uruiḋeaċta air náċ baoġal go dtaḃarfar aon ċaoi d'aoinne ar a leiṫéid a ḋéanaṁ airís.”

“Tá san maiṫ go leór, a ríġ,” arsa Murċaḋ, “aċ ní ḋéanfaiḋ san an gnó anois. Tá órduġaḋ agam-sa ó'n Árdríġ, má tá an fear a ḋein an gníoṁ san i n-Éirinn anois, luċt cuardaiġ do ċur amaċ ċun beirṫe air agus ċun é ṫaḃairt ċun láṁa. Ar ṁaiṫe leis an dá ṫír, le h-Éirinn agus le tír Loċlan, ní foláir an fear a ḋein an gníoṁ san do ċur ċun báis. Is bíoḋba báis do'n ríġ é, mar do ṫóg sé ċuige féin an t-uġdarás a ḃainean leis an ríġ. Is bíoḋba báis do ṁuintir na h-Éirean é, mar do ḋein sé gníoṁ i gcoinniḃ anama fir Éireanaiġ. Is bíoḋba báis é do Loċlanaiġ, i n-Éirinn nó i n-aon tír eile, mar do ḋein sé gníoṁ a ċuirfiḋ ḟiaċaiḃ ar luċt gaċ tíre eiriġe 'n-a gcoinniḃ, mura ndeintear an gníoṁ a ḋ' agairt, agus san go luaṫ, ar an t-é a ḋein an gníoṁ. Ar ṁaiṫe linn go léir, a ríġ,” arsa Murċaḋ, “ní foláir dóṁ-sa a ḃeiṫ ar mo ċumas a ráḋ leis an Árdríġ nuair a raġad aḃaile, go ḃfuil do ḃriaṫar ríġ agam uait-se ċuige go ndéanfair féin do ḋíċeal, agus go ndéanfaiḋ ríġ Loċlan a ḋíċeal, ar