“Siné díreaċ a ḋéanfainn mura mbéaḋ a ḟios a ḃeiṫ agam go n-aiṫneóċ' sé mé dá ḃfaġaḋ sé raḋarc orm,” arsa Aṁlaoiḃ. “Is dóiċ leó i gCeann Cora go ḃfuilim marḃ. Ní'l aon ṗioc d'á ḟios acu cé r' ḃ'é Aṁlaoiḃ ná an ḃfuil sé beó. Dá ḃfaġaḋ an fear úd na gcos raḋarc orm do neósfaḋ sé ḋóiḃ cá ḃfeacaiḋ sé mé. Tá aiṫne aige orm, aċ is dóiċ leis ná fuil aon aiṫne agam-sa air féin. Siné ball 'n-a ḃfuil an dearṁad air. D' aiṫniġeas an peidléir ṫall ċóṁ luaṫ agus do leigeas mo ṡúil air. Dá ḃfeiceaḋ sé mé sar a ḃfeaca-sa é, agus go n-imṫeóċ' sé gan mé 'ġá ḟeisgint, d'imṫeóċ' sé aḃaile láiṫreaċ agus do neósfaḋ sé ḋóiḃ i n-Inis Caṫaiġ agus i gCeann Cora go ḃfeacaiḋ sé mé, agus cá ḃfeacaiḋ sé mé. Ansan do ḃéaḋ ḟios acu go léir cé ṫóg an ċailís. Ċonaic Colla mé i gCeann Cora an lá ḟágas an áit. Do curfaí so agus súd le ċéile agus ḃéaḋ 'ḟios acu go léir cad é an gnó a ḃí agam i gCeann Cora an lá san. Ṫaḃarfaidís tuairim do cá ḃfuil an ċailís anois. Ċaiṫfeaḋ do ṁáṫair teiṫeaḋ le n-a h-anam as an áit.”
“Mo ṁáṫair!” arsa Sitric.
“Ár máṫair, má seaḋ,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ní beag di a ḃfuil le fulang aici eatarṫa. Is fearr gan a ṫuille eóluis a ṫaḃairt dóiḃ. Is dóiċ leó go ḃfuil an ċailís imṫiġṫe ṫar faraige. Ní féidir d'ár máṫair cor a ċur di, do ló ná d' oíḋċe, a gan ḟios dóiḃ, tá an faire ċóṁ géar san uirṫi. Dá ḃfaiġinn-se mo ṫoil ní raġaḋ fear na gcos ṫar n-ais ag triall orṫa. Ḃí eagal ar an ríġ, dá dtugtí aon anċor dó go dtiocfaḋ cogaḋ as, agus gan sinn ollaṁ fós, dar leis.”
“Cad é an neart atá ollaṁ aige?”
“Tá oċt míle fear ollaṁ aige, i n-arm 's i n-éide. Dá nglaoiḋtí amáireaċ air d'ḟéadfaḋ sé ḋá ṁíle fear eile do ċur leis an oċt míle sin. Ní dóiċ leis go ḃfuilimíd laeṫ