Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/163

This page has not been proofread.
159
NIAṀ

láidir ár ndóṫin. Tá sgannraḋ Ġleanna Ṁáma fós air,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Ní h-aon iongnaḋ go mbéaḋ,” arsa Sitric. “Ḋein Clann Ċais obair uaṫḃásaċ an lá san.”

“Bainfear móráil an lae sin díoḃ nuair a ṫiocfaiḋ an lá atá 'n-a gcóir againn,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Bainfear,” arsa Sitric. “Aċ is fearr feuċaint róṁainn agus sinn féin d' ollaṁuġaḋ i gceart. Cad é an neart eile, nó na nirt eile, atá ollaṁ, nó ag ollaṁuġaḋ, i n-éaġmuis nirt ríġ Loċlan agus ár neart féin i n-Éirinn anso?”

“Tá neart d'á ollaṁuġaḋ ar oileán Ṁanain,” arsa Aṁlaoiḃ, “agus ní neart suaraċ é. Tá ċúig céad déag fear ann, ollaṁ aon lá a glaoḋfar orṫa. Ní'l oileán des na h-oileánaiḃ atá lastiar d' Albain gan míle nó cúpla míle fear ollaṁ ann. Is dóiċ liom go ḃfuil trí ṁíle fear ollaṁ ar oileán Sgaṫaiġ.”

“Tá san maiṫ go leór, a ríġ, aċ an ḃfuil aon eólus cruinn agat ar an ollṁúċán atá ag Brian 'á ḋéanaṁ?” arsa Sitric.

“Ambriaṫar go ḃfuil,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ní'l aon ṁíogarnaċ ar Ḃrian. Tá sé 'ġá ollaṁuġaḋ féin ċóṁ tréan agus d'ḟéadfaḋ sé ḃeiṫ 'ġá ollaṁuġaḋ féin dá mbéaḋ fios ár n-aigne aige ċóṁ cruinn agus 'tá againn féin. Dá mbéaḋ sé deiċ mbliana níos óige 'ná mar atá sé ḃéaḋ sé fuar againn ḃeiṫ ag braṫ ar aon láṁ uaċtair a ḋ'ḟáġail air. Aċ tá sé ana aosta. Ní fios cad é an neómat a ṡínfiḋ sé a ċosa. Ansan má ḃímíd ollaṁ beiḋ gaċ aon rud ar ár dtoil againn.”

“Ṁeasas,” arsa Sitric, “go raiḃ congnaṁ aige le fáġail ċun iad a ṡíneaḋ.”

“Is deacair an congnaṁ a ṫaḃairt dó, tá an faire ċóṁ dlúṫ san,” arsa Aṁlaoiḃ. “Tá inġean Ṫaiḋg Ṁóir uí