Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/164

This page has not been proofread.
160
NIAṀ

Ċealla sa n-áit i gcóṁnuiġe agus ní féidir aon níḋ a ḋéanaṁ a gan ḟios di.”

“Airiġim a lán daoine ag teaċt ṫáirsi sin 'ġá ráḋ gur cailín ana ḃreaġ í. Cad é an saġas í?”

“Droċ ṡaġas,” arsa Aṁlaoiḃ. “Tá sí daṫaṁail, deaḃraiġṫeaċ, áluinn go maiṫ. Déarfainn gur b' í an ḃean is áilne i n-Éirinn í, lasmuiċ de'n Árdrígain. Aċ tá sí go h-olc.”

“Ní h-é sin adeirtear,” arsa Sitric. “Isé rud atá i mbéalaiḃ daoine 'n-a taoḃ 'ná go ḃfuil áilneaċt a pearsan ṫar na beartaiḃ agus gur ḃuaiḋ uaisleaċt a h-aigne agus a méinne ar áilneaċt a pearsan.”

“Ná creid focal dé,” arsa Aṁlaoiḃ. “Creid a ṁalairt. An ċéad uair riaṁ a ċonac í do ċonac go raiḃ sí go h-olc. Droċ ṡaġas iseaḋ í. Deirim leat é.”

“Cad é an saġas a driṫáir?” arsa Sitric. “Deir gaċ aoinne go raiḃ ana ċion aige féin agus ag Aṁlaoiḃ ar a ċéile; an t-Aṁlaoiḃ úd a cailleaḋ nó d'imṫiġ amú. Deirtear go raiḃ sé ag briseaḋ a ċroíḋe ag gol i ndiaiġ Aṁlaoiḃ.”

“Ó, cúis ġáire ċúgainn! An fear boċt. Ní'l ann aċ leaṫ-amadán,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ḃíoḋ ana spórt agam air uaireanta. Ní leiginn m' aigne ċuige, áṁṫaċ. Ḃíomair ṫuas i gCeann Cora lá agus ḃí cleasaiḋeaċt ar siúḃal ann. Ḃain sé an cos de ṁarcaċ bréige ann le buille ṫuaiġ. Do leigeas féin orm nár ḟéadas an cleas a ḋéanaṁ. ‘Níor ṫugais a ċeart féin do'n ḟaoḃar,’ ar seisean liom. Amadán iseaḋ é, a ríġ. Ní miste fear láidir a ṫaḃairt ar Ṁurċaḋ, áṁṫaċ. Ní dóiċ liom gur ḃuail riaṁ fós umam fear ċóṁ láidir le Murċaḋ. Deirtear gur treise d'ḟear é 'ná a aṫair an lá is fearr a ḃí a aṫair. Is iongantaċ an fear é. Ní ḟéadfá do ṡúile ṫógaint dé dá ḃfeicfeá ag déanaṁ na lúṫċleas é. Ní'l aon teóra leis an neart atá suiḋte ins gaċ ball d'á ḃallaiḃ.”