Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/165

This page has not been proofread.
161
NIAṀ

“Tá súil agam ná buailfead uime sa ċaṫ so atá le teaċt lá éigin,” arsa Sitric. “Aċ feuċ, a Aṁlaoiḃ. Tá an sgéal go h-olc agat-sa.”

“Conus san airiú!”

“Caiṫfear an ceann a ḃaint díot.”

“Ó, tuigim,” arsa Aṁlaoiḃ. “Agus tá do ḃriaṫar ríġ taḃarṫa agat-sa do Ṁurċaḋ agus do Ḃriain go ndéanfair do ḋíċeal ċun an cinn a ḃaint díom. Náċ símplíḋe na daoine iad! Aċ ar ndó, táim féin ċóṁ símplíḋe le h-aoinne acu. Dá mb'áil liom-sa an ceann a ḃaint d' ḟear na gcos nuair a ḃí greim agam air ní ḃéaḋ an ceann le baint díom féin anois, agus ní ḃéaḋ do ḃriaṫar ríġ taḃarṫa uait agat-sa ċuige. Aċ sin mar imṫíġean i gcóṁnuiġe ar an nduine ná bainean an ceann d'á naṁaid nuair a ġeiḃean sé an lom air. Ġeóḃaiḋ an naṁaid sin lom air féin agus bainfiḋ sé an ceann dé.”

“An neósfair do'n ríġ gur ṫáinig M'lṡeaċlainn agus Murċaḋ anseo?” arsa Sitric.

“Imṫeóċaḋ soir láiṫreaċ agus neósfad an uile ḟocal dé ḋó, agus neósfad dó go dtáinig fear na gcos anso i n-aonḟeaċt leó, agus ná tiocfaḋ d'á mb'áil leis an ríġ leigint dóṁ-sa an ceann a ḃaint dé i n-inead an ṗúicín a ċur air,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ċuirfinn-se púicín air a ċuirfeaḋ deire le n-a ċuid spiaireaċta. Aċ ní h-aon ṁaiṫ ḃeiṫ ag caint anois air mar sgéal. An ceannaiġe! An peidléir! Is deas an obair ḃeiṫ ag taḃairt ceart ceannaiġeaċta d'á leiṫéid sin! Ceart spiaireaċta atá tugaiṫe ḋó!”

“Agus go mór mór ó's duine tusa ná déanfaḋ spiaireaċt i n-aon ċor! Ba lag leat a leiṫéid a ḋéanaṁ!” arsa Sitric.

“Cuir uait an magaḋ, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ní cúrsaí magaiḋ é. Déanfaiḋ Donn mac Beaṫaċ díoḃáil fós dúinn.