Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/170

This page has not been proofread.
166
NIAṀ

ag gáirí go h-iongantaċ. Níor ṁoṫuiġdar ag teaċt é go dtí go raiḃ sé náċ mór buailte leó. D'iompuiġdar agus ṫugadar aġáiḋ air. Do stad é 'n-a ċoilg-ḟeasaṁ ar lár an ḃóṫair. Gormḟlaiṫ agus Niaṁ isiad a ḃí ann.

“Ó! Míle fáilte róṁat, a ríġ!” arsa Gorṁḟlaiṫ go soilḃir. “Is fada na feacamair ṫu,” ar sisé, agus ṡín sí a láṁ ċuige agus gáire 'n-a snua.

Do rug sé ar an láiṁ, aċ dá ḃfaġaḋ sé Éire air ní ḟéadfaḋ sé focal do laḃairt.

“Is dóċa,” ars sise, “ná fuairis aon tuairisg fós ar Aṁlaoiḃ. Cuirean sé uaigneas orm, a Niaṁ,” ar sise le Niaṁ, “Taḋg a ḋ'ḟeisgint agus gan Aṁlaoiḃ a ḋ'ḟeisgint le n-a ċois. Ḃí ana ċion agam ar Aṁlaoiḃ. Ní ḟeadar an doṁan cad d'imṫiġ air. Ba ṁór an truaġ aon droċ níḋ a ḋ'imṫeaċt air.”

Ċomáin sí léi mar sin ag caint. Níor laḃair Taḋg. Ní ḟéadfaḋ sé laḃairt. Ḃí sé mar a sáḋfaí le sgiain é. Níor laḃair Niaṁ aċ ċóṁ beag. Pé rud a ḃí 'ġá cur ag gáirí sar a dtáinig Taḋg suas, níor ḟan aon ċuiṁne aici air agus níor ḟan aon ġáire aici.

“Is dóiċ liom,” arsa Gormḟlaiṫ, “go ḃfuil rud éigin ag déanaṁ buarṫa do d' ḋriṫáir, a Niaṁ, agus gur maiṫ leis ḃeiṫ ag caint leat at' aonar. Fanaiġ ansan ag siúḃal daoiḃ féin go dtí go mbeiḋ ḃúr gcaint déanta agaiḃ, agus raġad-sa isteaċ. Aċ ná coimeád aḃfad uaim í, a Ṫaiḋg,” ar sise. “Tá cleas ar obair ṡnáṫaide aici 'á ṁúineaḋ ḋom agus ní ḃeiḋ mé sásta go dtí go mbeiḋ an cleas agam.”

D'imṫiġ sí uaṫa. Níor laḃair aoinne de'n ḃeirt go dtí go raiḃ sí as a raḋarc. Ansan do laḃair Niaṁ.

“Airiú, a Ṫaiḋg, a ṁaoinaċ,” ar sise, “cad tá ort!”

“Ní'l blúire ar doṁan orm,” ar seisean, “aċ do ḃain an ḃean san a leiṫéid de ṗreib asam! Níor ḟan léas meaḃraċ agam nuair a ċonac an ḃeirt agaiḃ i ḃfoċair a