Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/172

This page has not been proofread.
168
NIAṀ

ḃfuilir ag dul as. Caiṫfear duine éigin a ḋ'ḟáġail a ḃeiḋ maiṫ a dóṫin di sa ċleas so atá ar siúḃal aici.”

“Is dóiċ liom, a Ṫaiḋg,” arsa Niaṁ, “go ḃfuil an ceart agat, nó pé 'n-Éirinn é, go ḃfuil cuid de’n ċeart agat. Tá sí, is dóiċ liom, ceapaiṫe ar mo ṡláinte ḃriseaḋ, nó murab é sin é, ar mé ḋíbirt as so. Is dóiċ liom gur cuma léi aċ go mbéaḋ sí sgarṫa liom beó nó marḃ. Má imṫíġim anois beiḋ áṫas uirṫi agus déarfaiḋ sí léi féin go ḃfuil eiriġṫe go maiṫ léi sa ċluiċe a ṡocaruiġ sí ar a ḋ'imirt. Ní maiṫ liom an méid sin a ṫaḃairt mar ṡásaṁ di agus gan cúrsaí an Árdríġ do ḃac i n-aon ċor.”

“Ní h-aon ċomparáid i n-aon ċor tusa agus í féin, a Niaṁ. Ní h-aon ċreideaṁaint duit-se an láṁ uaċtair a ḋ'ḟáġail uirṫi ins na beartaiḃ atá curṫa roimpi aici. Téanam agus laḃraimís le m' aṫair. Agus feuċ airiú! Ba ḋóbair dom an gnó a ṫug mé do ḋearṁad. Táim 'ġá ċuiṁneaṁ, a Niaṁ, gur ceart dom dul síos go h-Inis Caṫaiġ agus a ḋ'innsint do Ċolla gur b' é Aṁlaoiḃ a ġuid an ċailís.”

“Agus ar neóin, a Ṫaiḋg,” arsa Niaṁ, ag cur smuta gáire aisti, “ní'l aon deiṁne ceart fós agat air gur b' é an t-Aṁlaoiḃ a ḃí ṫíos i n-Inis Caṫaiġ do ġuid an ċailís.”

“Tá deiṁne mo ḋóṫin agam air,” ar seisean. “Náċ tapaiḋ a ṫáinig an dúil sa Ċreideaṁ aige! Ḃí rud éigin 'ġá ċur n-a luiġe orm i gcaiṫeaṁ na h-aimsire an ḟaid a ḃí sé 'ġá ollṁuġaḋ féin ċun an Creidiṁ a ġlacaḋ ná raiḃ aon ġus sa n-ollṁuċán. Ḃí eagal orm dá ngéillinn do'n smaoineaṁ san go mbéinn ag déanaṁ éagcóra ar an mbuaċail, ḃí sé ċóṁ símplíḋe, ċóṁ leanabaíḋe sin, an ropaire! Ansan airís, nuair a dúḃairt sé gur ṁaiṫ leis ḃeiṫ 'n-a ṡagart, ṫáinig an smaoineaṁ céadna ċúġam. Ċeapas nár ṁoṫuiġeas an gus ceart 'n-a ċaint ná 'n-a