Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/173

This page has not been proofread.
169
NIAṀ

ṁeón i dtaoḃ an ruda a ḃí aige 'á ċur roimis, dar liom. Ṫugas fé ndeara go minic folaṁas éigin ná féadainn a ṫuisgint ins na gnóṫaiḃ Creidiṁ a ḃíoḋ ar siúḃal aige. An lá a ḃí Brian agus na h-uaisle ṫíos, nuair a ṫainig an Legáid, d' airiġeas daoine ag cáineaḋ agus ag gearaḋ na Loċlanaċ os cóṁair an Loċlanaiġ óig. Ḃí eagal orm go mbéaḋ fearg air. Níor ċuir sé blúire suime 'n-a gcaint, an ropaire fill! Is áluinn a ċoimeád sé a aigne istiġ, agus mise ag déanaṁ éagcóra ar mo ḋá ṡúil agus ar mo ḃreaṫeaṁntas féin le h-eagla go ndéanfainn éagcóir air- sean. Ní'l aon ṗioc d'á ṁearḃall orm, a Niaṁ. Isé ġuid an ċailís, agus is ċun í ġuid do leig sé air gur ġlac sé an Creideaṁ, agus is ċuige do leig sé air gur ṁaiṫ leis ḃeiṫ 'n-a ṡagart. Ḃí ḟios aige, ċóṁ luaṫ agus ḃéaḋ cuid des na mion-Órdaiḃ glacaiṫe aige, go gcuirfeaḋ Colla sa n-érdam é. Ansan ḃí gaċ aon ċaoi aige ar an gcailís a ġuid. Ḃíos ċun dul síos agus an sgéal go léir a ḋ'innsint do Ċolla, aċ níor ṁaiṫ liom é ḋéanaṁ gan é ċur ad' ċóṁairle-se ar dtúis. Cá ḃ' ḟios ná go mb’ ḟéidir go mbéaḋ sé ar ḋuine éigin eile ag Colla. Téanam go ḃfeicimíd m'aṫair, agus sa n-am gcéadna, bí ag cuiṁneaṁ ad' aigne ar cad is ceart dom a ḋéanaṁ.”

Ċuadar isteaċ i dtiġ Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla, agus fuaradar Taḋg féin rómpa istiġ.



CAIBIDIOL X.

FUASGAILT.

Ḃí Taḋg Mór féin rómpa istiġ agus níor ḃ' aon iongnaḋ má ġeal a ċroíḋe nuair a ċonaic sé ċuige isteaċ an ḃeirt. Ní raiḃ le feisgint i n-Éirinn an lá san rígan óg a