Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/174

This page has not been proofread.
170
NIAṀ

ḋ'ḟéadfaḋ seasaṁ i n-aice na h-inġíne agus iomláine a h-áilneaċta féin do ċoimeád. Pé áilneaċt a ċífí inti an ḟaid a ḃéaḋ sí 'n-a h-aonar do ṫiocfaḋ claoíḋċlóḋ ar an áilneaċt san nuair a curfaí 'n-a seasaṁ i n-aice Niaṁ í. Ḃí daoine ag tusnuġaḋ ar a ṫaḃairt fé ndeara ná bíoḋ iomláine bláṫa ar áilneaċt Ġormḟlaiṫ féin, le deiriníġe, nuair a ċítí Niaṁ 'n-a h-aice. Níor ċóir puínn iongnaḋ ḋéanaṁ dé sin, áṁṫaċ, mar is ag teaċt a ḃí áilneaċt Niaṁ agus ḃí áilneaċt Ġormḟlaiṫ ag imeaċt, nó ag tusnuġaḋ ar imṫeaċt. Agus i dtaoḃ an ṁic. Ḃí finne agus solusṁaire agus gileaċt na h-inġíne ann, agus ḃí folt óir na h-inġíne air; an t-ualaċ órḋa ar a ċeann agus anuas ar a ġuailliḃ agus ar a ṡlinneánaiḃ. Ḃí an tsúil ríoga ċéadna n-a ċeann, go glan agus go h-osgailte agus go neaṁ-eaglaċ. 'N-a ṫeannta san ḃí sé groíḋe cumasaċ láidir mar ba ḋual aṫar dó ḃeiṫ. Ní raiḃ an ċaoi fáġalta fós aige ar ġníoṁarṫaiḃ gaile agus gaisge ḋéanaṁ, mar a ḃí fáġalta agá aṫair, i gcaṫanaiḃ Ḃriain i n-aġaiḋ na Loċlanaċ. Aċ ḃí an ċaoi roimis, agus ḃí gaċ aon deaḃraṁ go ndéanfaḋ sé na gníoṁarṫa nuair a ṫiocfaḋ an ċaoi, agus go moṫóċ' na Loċlanaiġ meaġċaint a ḃuille.

Níor ḃ' aon iongnaḋ má ġeal croíḋe Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla nuair a ċonaic sé an ḃeirt ċuige isteaċ.

“Dé ḃeaṫa-sa, a Ṫaiḋg!” ar seisean. “Conus ḟágais gaċ aon rud agus gaċ aoinne ad' ḋiaiġ sa ḃaile?”

“Go mairir-se, a aṫair!” arsa Taḋg. “D'ḟágas gaċ aoinne agus gaċ aon rud am' ḋiaiġ go maiṫ, buiḋċas le Dia! Ḃí rud beag ag déanaṁ buarṫa ḋom agus níor ḋeineas aċ ruiṫ aniar ċun go laḃarfainn le Niaṁ mar ġeall air.”

“An 'mó fear a ḃeiḋ agat i gcóir an ċogaiḋ, a Ṫaiḋg?” arsa Taḋg Mór.

“Tá ċúig céad déag fear againn ċeana, a aṫair,” arsa