Taḋg Óg, “agus tá ḟios agam go mbeiḋ ċúig céad eile againn sar a' fada.”
“Tá san ró ḃeag, a ṁic ó,” arsa Taḋg Mór. “Ba ċeart dúinn an trí ṁíle slán a ḃeiṫ againn.
“Is mó an neart ḋá ṁíle ó Uíḃ Máine, a aṫair, 'ná trí ṁíle ó áiteanaiḃ eile. Tá a lán d' ár ḃfearaiḃ agus tá muiriġean óg orṫa.”
“Tá,” arsa Taḋg Mór, “agus má ġeiḃid Loċlanaiġ an láṁ uaċtair orainn cad a ḋéanfaiḋ an muiriġean óg? Beart lag, a Ṫaiḋg, iseaḋ d'aon ḟear atá ábalta ar ċlaiḋeaṁ a ċasaḋ fanṁaint siar anois. Náċ dóiċ leat san, a Niaṁ?”
“Ní dóiċ liom, a aṫair,” arsa Niaṁ, “go ḃfanfaiḋ aon ḟear siar i n-Uíḃ Máine, aon ḟear go ḃfuil lúṫ a ġéag i n-aon ċor aige.”
“Ní dóiċ liom go ḃfanfaiḋ, a 'nġean ó,” arsa Taḋg Mór. “Aċ cad é seo oraiḃ, a Ṫaiḋg?” ar seisean.
D'inis Taḋg dó ansan conus a ṫáinig sé go h-oban ar Ġormḟlaiṫ agus ar Niaṁ agus cad a ċonaic sé. Ṁíniġ sé ḋó conus mar, do réir a ṫuisgiona féin, a ḃí beartuiġṫe ag Gormḟlaiṫ sprid agus croíḋe agus aigne Niaṁ do ḃriseaḋ agus do ṁilleaḋ le corp soilḃris agus le corp caradais mar 'ḋ eaḋ.
“Ní ḟéadfaiḋ Niaṁ an rud san do ṡeasaṁ, a aṫair,” ar seisean. “Tá sí ag dul as ċeana féin. Ní ḟágfaiḋ an ḃean san goile ná sláinte aici. Ní fearrde í aon uair a' ċloig de'n aimsir a ċaiṫean sí i gcóṁluadar na mná san. Croċaire mná iseaḋ an ḃean san! Má fágtar Niaṁ 'n-a foċair cuirfiḋ sí Niaṁ sa n-iúir, an rud atá beartuiġṫe aici a ḋéanaṁ.”
D'ḟeuċ Taḋg Mór ar Niaṁ.
“Ambriaṫar, a ġaṁain,” ar seisean, “gur dóiċ liom go ḃfuil an ceart aige. Taoi'n tú ag dul as. Náċ olc uaim nár ṫug fé ndeara é!”