Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/176

This page has not been proofread.
172
NIAṀ

“Ó, a aṫair,” arsa Niaṁ, “is truaġ ċráiḋte nár ḟanamair ṫiar sa ḃaile. Tagan toċt agus ualaċ ar mo ċroíḋe nuair a ċím ċúġam í gaċ aon ṁaidion agus í ċóṁ séiṁ, ċóṁ soilḃir, ċóṁ gealġáiriteaċ. Bím a d'iaraiḋ gáire ḋéanaṁ léi i dtreó ná taḃarfaḋ sí fé ndeara an toċt orm, aċ is beag ná go mb'ḟearr liom bás d' ḟáġail 'ná fanṁaint a ṫuille 'n-a foċair. Go maiṫiḋ Dia ḋom é! Ní ḟéadaim gan ḃeiṫ 'ġá ṁeas go ḃfuil droċ níḋ 'ġá leanṁaint.”

“Ná bac í féin a ṫuille, a 'nġean ó,” arsa Taḋg Mór. “Is truaġ nár laḃrais níos túisge liom. Fanaiġ araon ansan. Raġad anonn go teiġlaċ Ḃriain. Beiḋ mé ċúġaiḃ sar a' fada.”

D'imṫiġ sé amaċ agus anonn ċun an teiġlaiġ. Gorm- ḟlaiṫ an ċéad duine a ḃuail uime.

“Móra ḋuit, a ríġ,” ar sise leis. “Cad tá ag coimeád Niaṁ uaim? Is iongantaċ an t-eólus atá aici ar obair ṡnáṫaide. Tá cleas ar an obair sin aici 'á ṁúineaḋ ḋom agus isé is fada liom go mbeiḋ an cleas agam. An fada go dtiocfaiḋ sí, a ríġ?”

“Tá sí gan ḃeiṫ ar fóġnaṁ, a Árdrígan,” arsa Taḋg Mór. “Tá a driṫáir ag caint léi. Is dóiċ liom gur inis sé rud éigin dí a ċuir tré ċéile aigne uirṫi. Bíoḋ foiḋne agat, a Árdrígan,” ar seisean. “B'ḟéidir náċ fiú biorán a's é. B' ḟéidir go mbéaḋ sí ċúġat gan puinn ríġnis. An ḃfuil an t-Árdríġ le feisgint, le d' ṫoil, a Árdrígan?”

“Anois díreaċ a ċonac é féin agus an ríġḋaṁna ag dul isteaċ,” ar sise.

“Gura maiṫ agat, a Árdrígan!” arsa Taḋg Mór, agus d'imṫiġ sé isteaċ.

“Seaḋ!” arsa Gormḟlaiṫ, 'n-a h-aigne féin, nuair a ḃí sé imṫiġṫe, “ní deirim ná go ḃfuil teinneas croíḋe curṫa agam ar do ṗeata-sa. ‘Tá sí gan ḃeiṫ ar fóġnaṁ.’ An