cailín boċt! Dá mb' áil leó gan í ċur am' ṫreó. Ní féidir aon níḋ a ḋéanaṁ a gan ḟios di. Aċ is féidir rud a ḋéanaṁ os a cóṁair. Is féidir an croíḋe do ċráḋ inti os a cóṁair.”
Pé caint a ḃí ag Murċaḋ 'á ḋéanaṁ leis an Árdríġ níor ḃ'ḟada go raiḃ sí déanta. Ansan ṫáinig sé féin agus Taḋg Mór amaċ. D'inis Taḋg Mór a sgéal dó, agus ná féadfaḋ sé Niaṁ a ḋ'ḟágáilt i gCeann Cora níba ṡia.
“Tá go maiṫ, a Ṫaiḋg, tá go h-ana maiṫ,” arsa Murċaḋ. “Tagan san agus an rud ar a ḃfuil socair isteaċ le n-a ċéile go h-áluinn. Tá m' aṫair ag dul ar a ċuaird ríġ. Fágfar an Árdrígan i gCeann Cora os cionn an ríġṫeiġlaiġ. Ní féidir di aon droċ níḋ a ḋéanaṁ an ḟaid a ḃeiḋ an t-Árdríġ ar a ċuaird. Ní foláir duit-se dul leis, a Ṫaiḋg, agus ní foláir duit Niaṁ a ḃreiṫ leat. Má tá sí ag dul as taḃarfaiḋ an ċuaird tar n-ais 'n-a maise féin airís í, geallaim ḋuit é.”
Do ṫáinig Taḋg Mór ṫar n-ais ċun a ṫíġe féin. D'inis sé do'n ḃeirt cad air go raiḃ socair. Ḃí áṫas mór orṫa araon.
“Tá mo ġuiḋe taḃarṫa ḋom ag Dia, molaḋ go deó leis!” arsa Niaṁ. “Ní'l maidion le fada,” ar sise, “nár iaras ar Ṁaolṡuaṫain mo ġuiḋe do ċur suas ċun Dé sa Naoṁ Iḋbirt. Ḃíos 'ġá iaraiḋ ar Ḋia, tré impiḋe Ṡeanáin, mé ḋ'ḟuasgailt as an gcruaḋ-ċás 'n-a raḃas. Ċuir Dia ṫusa ċúġam ar dtúis, a Ṫaiḋg. Do laḃrais-se le m' aṫair. Do laḃair m' aṫair le Murċaḋ. Agus sin déanta an ḟuasgailt! Molaḋ go deó le Dia!”
“Is maiṫ é sin,” arsa Taḋg Óg. “Agus anois, ó tá so ġnó-sa déanta ċun ár dtoile go léir, is miṫid dóṁ-sa aġaiḋ a ṫaḃairt ar mo ġnó féin. Tá mo ċroíḋe briste ó ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ ar an ropaire fill úd agus ar ġuid na cailíse agus ar an láṁ a ḃí agam féin sa ġadaiġeaċt san.”