Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/178

This page has not been proofread.
174
NIAṀ

“Airiú, a Ṫaiḋg, an ar buile ataoí!” arsa Niaṁ. “An láṁ a ḃí agat féin sa ġadaiġeaċt san! Cad é an láṁ a ḋ' ḟéadfá-sa ḃeiṫ agat sa ġadaiġeaċt san?”

“Mura mbéaḋ an caradas a ċonaic Colla, agus gaċ aoinne eile, idir mise agus an ropaire úd, a Niaṁ,” ar seisean, “ní ḃéaḋ oiread iontaoiḃ ag Colla as agus a ḃí aige as. Mura mbéaḋ an iontaoiḃ a ḃí ag Colla as ní curfaí isteaċ sa n-érdam é, agus ní ḃfaġaḋ sé an ċaoṫaṁlaċt a fuair sé ar an ngadaiġeaċt a ḋéanaṁ. Fuair sé caradas, a Niaṁ, ó m' aṫair agus óm' ṁáṫair, agus uaiḃ go léir, ṫiar i n-Uíḃ Máine. Is truaġ ċráiḋte mar a ċuir sé cos leis riaṁ sa n-áit. Ní ċuirfeaḋ sé cos leis sa n-áit agus ní ḃfaġaḋ sé an caradas a fuair sé ann, a Niaṁ, mura mbéaḋ mise! Nuair a ċuiṁniġim air bíon náire orm ná féadfainn a ḋ'innsint duit!”

Nuair airiġ Niaṁ an méid sin cainte ní miste a ráḋ ná go raiḃ náire a dóṫin uirṫi féin. Ṫuig sí go h-áluinn an uair sin, agus go minic roimis sin, cad é an saġas ag gráḋ a tugaḋ di gan laḃairt. Ṫuig sí an uair sin, agus go minic roimis sin, ó'n lá a ḋ'inis Caoilte sgéal an ṗúicín, cad é an saġas an glacaḋ Creidiṁ a ḋein Aṁlaoiḃ agus cad í an íntinn ar ar ġlac sé na h-Úird. Ḃí an dá ṁaċtnaṁ úd taḃarṫa d'á ċéile aici cruinn go leór. Ḃí náire a dóṫin uirṫi nuair airiġ sí Taḋg 'á ráḋ go raiḃ náire air. Ní dúḃairt sí aon ḟocal, áṁṫaċ, amaċ as a béal i dtaoḃ an náire a ḃí uirṫi ná i dtaoḃ ná cúise a ḃí aici leis an náire; níḋ nár loċt ar an gcailín!

“Ó, a Ṫaiḋg,” ar sise, “ná laḃair ar an gcuma san. Ḃí sé siúd ċóṁ sleaṁain ċóṁ gealġáiriteaċ san go raiḃ báiġ agus caradas ag gaċ aoinne leis. Ṁeasamair go léir go raiḃ sé ċóṁ símplíḋe ċóṁ h-osgailte leis an leanḃ. Ċuirfinn geal go n-adṁóċ' Colla féin náċ mar ġeall ort-sa a ṫug sé aon iontaoiḃ riaṁ a' h-Aṁlaoiḃ, aċ mar