Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/18

This page has not been proofread.
14
NIAṀ

adṁuiġ sé gur ḃ'eaḋ agus ní lúġa ná mar a ṡéan sé gur ḃ'eaḋ.

Áit ċun an uile ṡaġas cleasaiḋeaċta, idir ruiṫ agus léim agus iomrasgáil agus caiṫeaṁ cloċ araige agus tógaint ualaí troma, ab eaḋ Ceann Cora an uair sin, agus ḃí fir óga ann nár ḃ'ḟuiriste buaċtaint orṫa ins na gníoṁarṫaiḃ sin. Ḃí an ḃeirt a ṫáinig aniar ó Inis Caṫaiġ maiṫ a ndóṫin do'n ċuid ab ḟearr acu, 'sé sin d'á gcóṁnaoisiḃ. Ní raiḃ aon breiṫ acu, áṁṫaċ, ar aon ċimilt a ḋéanaṁ leis na fearaiḃ stáluiġṫe cruaḋa a ḃí ann.

I n-éaġmais na lúṫċleas ḃíoḋ cleasa agus gleacaiḋeaċt ar na h-airm acu. Ḃíoḋ airm éadtroma ann dos na buaċailíḃ ċun ḃeiṫ ag déanaṁ taiṫíġe ḋíoḃ. D'imir gaċ duine de'n ḃeirt cluiċe ar gaċ arm des na h-airm sin leis na buaċailíḃ ab fearr a ḃí ar ṫeiġlaċ Ḃriain, agus ċuireadar iongnaḋ ar gaċ aoinne. Ḃíoḋ capal bata acu ann agus marcaċ bréige anáirde air agus éide ar an marcaċ, agus gníoṁ fir ab eaḋ ruiṫ ċun an ṁarcaiġ sin agus buille ṫuaiġ a ṫaḃairt dó sa ċeaṫraṁain agus idir éide agus ceaṫraṁa do ġearaḋ leis an mbuille sin i dtreó go dtuitfeaḋ an ċos ar ṫaoḃ de'n ċapa agus an arcaċ ar an dtaoḃ eile.

Duḃairt Aṁlaoiḃ gur ḋóiċ leis go ndéanfaḋ sé an gníoṁ san. Do tugaḋ tuaġ Ṁurċaḋ ṁic Ḃriain ċuige. Ḃí sí ró ṫrom dó. Do tugaḋ tuaġ ná raiḃ ċóṁ trom ċuige. Do cuireaḋ anáirde an fear bréige ar an gcapal bréige. Do ċas Aṁlaoiḃ an tuaġ agus do riṫ sé ċun an ṁarcaiġ agus do ḃuail sé a ḃuille. Ċuir a buille stangaḋ sa n-éide a ḃí ar ceaṫraṁain an ḟir ḃréige. Sin ar ċuir.

Do cuireaḋ suas an fear bréige airís agus éide ṡlán air. Do rug Taḋg Óg ua Cealla ar ṫuaiġ eile. Do ṫoiḃ sé féin an tuaġ. Ḃain sé casaḋ as an dtuaiġ agus do riṫ sé ċun an ṁarcaiġ ḃréige. Ṫáinig an tuaġ anuas ar an