Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/182

This page has not been proofread.
178
NIAṀ

ar ar ṫug sé aġaiḋ. Ḃí Taḋg Óg imṫiġṫe siar roimis agus ḃí gaċ níḋ ollaṁ aige roimis.

Nuair a ṫagaḋ Brian isteaċ mar sin ar ċuaird, i dtiġearnas ríġ, ar an eaglais a ṫugaḋ sé aġaiḋ ar dtúis. Dá mbéaḋ gáḋ le h-aon níḋ a ḋéanaṁ do'n eaglais, aon níḋ i ḃfuirm saoirseaċta, ċun an tíġe ċur i méid, nó ċun slaċt a ċur air, ṫugaḋ Brian síntiús maiṫ do ríġ na tíre sin ċun na h-oibre sin do ḋéanaṁ. Ansan, dá mbéaḋ mainistir sa n-áit ṫaḃarfaḋ sé cuaird ar an mainistir, agus ḋéanfaḋ Maolṡuaṫain feuċaint i ndiaiġ oibre na mainistreaċ, feuċaint a' raiḃ gaċ aon rud 'n-a ċeart, agus aon rud ba ġáḋ a ċeartuġaḋ ḋéanfaḋ sé é ċeartuġaḋ.

Ba ḃeag eaglais ná mainistir ná conḃint ban riaġalta ná bíoḋ níḋ éigin tairḃṫeaċ ag Brian le bronnaḋ orṫa nuair a ṫagaḋ sé mar sin ar ċuaird, agus do curtí gaċ eaglais agus gaċ mainistir agus gaċ conḃint ban riaġalta sa treó dob' ḟearr 'n-ar ḃ' ḟéidir iad do ċur nuair a ḃíoḋ súil le n-a ṫeaċt.

Deireaḋ sé, i gcóṁnuiġe, gur dos na gnóṫaíḃ a ḃain le Creideaṁ ba ċeart do ríġṫiḃ agus do ḋaoine aireaċas a ṫaḃairt ar dtúis. Gur ċeart gnó Dé a ḋéanaṁ ar dtúis sar a dtaḃarfaí aġaiḋ ar ġnó an tsaoġail seo. Gur ḋóiċíġ-de do ḋuine an raṫ a ḃeiṫ ar a ġnóṫaíḃ saoġalta nuair a ḋéanfaḋ sé a ḋíċeal ar ḋualgaisíḃ an Ċreidiṁ do ċóṁlíonaḋ. Aċ, pé 'cu ba ṫoil le Dia an raṫ do ċur ar ġnóṫaíḃ saoġalta an duine nó gan a ċur, go raiḃ ceangailte ar an nduine aiṫeanta Dé do ċoimeád.

Do ṁúin Brian dos na ríġṫiḃ agus dos na daoine a ḃí fé n-a smaċt an uraim is dual do ḃantraċt, aċ do ṁúin sé ḋóiḃ, 'n-a ṫeannta san, an uraim is dual do'n ċeart ar gaċ aon tsaġas cuma, agus ċuir sé 'n-a luiġe ar a n-aigne go daingean gur i ndlíġ Dé ata bríġ agus bunús agus cúis agus fáṫ gaċ urama ḋíoḃ go léir. An t-é ná beiḋ