gceaṫraṁain. Do ṫuit an cos ar ṫaoḃ de'n ċapal agus an fear ar an dtaoḃ eile.
Do leaṫ a ḋá ṡúil ar Aṁlaoiḃ.
“Ó!” ar seisean, “Agus níor ċuiris leaṫ do nirt leis an mbuille!”
“Do ċuireas,” arsa Taḋg, “aċ níor ḋóiċ leat gur ċuireas. Cleas iseaḋ é. Ċuiris-se oiread nirt leis an mbuille agus ċuireas sa leis, aċ níor ṫugais a ċeart féin do'n ḟaoḃar. Ní'l ann ar fad aċ cleas, agus taiṫíġe ar an gcleas.”
“B'ḟéidir é,” arsa Aṁlaoiḃ, “aċ mo ṫruaġ-sa an fear go n-imireófá-sa an cleas san air i láṫair caṫa.”
Do rug Aṁlaoiḃ ar ḃoġ Ṁurċaḋ. Ṁeas sé an boġ do lúbaḋ. Do ṫeip air.
“Ba ṁaiṫ liom aon urċar aṁáin a ḋ'ḟeisgint uait, a ríġ,” ar seisean le Murċaḋ.
“Ċífir agus fáilte, a ṁic ó,” arsa Murċaḋ. Do rug Murċaḋ ar an mboġ agus do lúb sé é agus ċuir sé an tsrang air mar ba ċóir ċun láṁaiġ. Ansan do rug sé ar ṡaiġid agus ċuir sé an saiġead leis an sraing. Ḃí an boġ ḋá ṡlait ar faid. Ċuir sé an láṁ ċlé n-a lár. Ṫaraing sé an tsrang leis an láiṁ ḋeis go dtí gur ḋóiċ le duine ná raiḃ ḋá ṫroiġ idir ḋá ċeann an ḃoġa. Ṫug se aġaiḋ ar an dtaoḃ ṫall de'n ġleann. Do ṫárla éan faraige ḃeiṫ ag gluaiseaċt fan an ġleanna ṫall, lasmuiċ, dar le n-a raiḃ láiṫreaċ, de raon aon urċair. Do ṡeinn an tsrang. Do ġluais an saiġead. Ḃí súil gaċ aoinne ar an saiġead agus ar an éan. Ċonacadar ag teaċt ċun a ċéile iad. Do ċuaiḋ an saiġead tríd an éan agus ṫuiteadar araon ċun tailiṁ ṫall ar ṫaoḃ an ġleanna. Do riṫ buaċail anonn agus ṫug sé leis anall iad. Ḃí iongnaḋ agus alltaċt ar Aṁlaoiḃ nuair a ṫuig sé i n' aigne cad é an neart nár ḃ'ḟoláir a ḃeiṫ sa ḃfear a ċaiṫ an t-urċar san.