Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/190

This page has not been proofread.
186
NIAṀ

Niaṁ! Ċuir sí ṫusa ar ṫeaċtaireaċt an lá úd. Do ċuir má's fíor bréag! Ní h-eaḋ aċ ċeap sí sinn a ċur ó ċéile. Do rug sí mise i láṫair Ḃriain, agus geallaim ḋuit gur cuireaḋ smaċt orm. ‘Bíoḋ ciall agat, a ṁic ó,’ arsa Brian. Idir Ḃrian agus an sagart agus Niaṁ, agus í imṫiġṫe amaċ, níor fágaḋ léas meaḃraċ am' ċeann. Nuair a ḃíos tagaiṫe amaċ agus raint maċtnaiṁ déanta agam iseaḋ ṫuigeas i gceart cad a ḃí imṫiġṫe orm. ‘Tá a h-aigne socair ag Niaṁ ar gan pósaḋ ċoíḋċe,” arsa Maolṡuaṫain, agus, ‘Bíoḋ ciall agat, a ṁic ó,’ arsa Brian. Ḋeineadar amadán díom eatarṫa.”

“Agus náċ maiṫ nár ḋeinis aon dearṁad de'n ḟocal aṁáin úd, a ríġ,” arsa Caoilte.

“Cad é an focal?” arsa Conn.

“An focal úd adúḃairt Maolṡuaṫain, ‘Tá a h-aigne socair ag Niaṁ ar gan pósaḋ ċoíḋċe.’“

“Ó, ambasa is fíor ḋuit é,” arsa Conn. “D' ḟan an focal san 'n-a ṡeasaṁ am' aigne ó ṡin. Tá sé 'n-a ṡeasaṁ am' aigne anois ċóṁ gléineaċ agus ḃí sé nuair airiġeas ag teaċt a' ḃéal Ṁaoilṡuaṫain amaċ é! ‘Tá socair ag Niaṁ 'n-a h-aigne,’ ar seisean, ‘gan pósaḋ ċoíḋċe.’ Dá mairinn míle blian ní imṫeóċ' an méid sin cainte as m'aigne.”

“'Sé an sgéal céadna agam-sa é.” arsa Caoilte.

“Dúḃairt sí an ċaint sin díreaċ amaċ as a béal féin liom nuair a ḃí sí a'm ċur ar a' dteaċtaireaċt mar 'ḋ eaḋ, agus tá an focal 'n-a ṡeasaṁ am' aigne anois, agus beiḋ go deó.”

“Feuċ, a Ḋuinn,” arsa Conn, “is maiṫ a ḋein sí é agus a h-aigne do ṡocaruġaḋ ar an gcuma san. Dá bpósaḋ sí ṫusa is dóiċ liom go mbainfinn an t-anam asat; agus dá bpósaḋ sí mise is dóċa go mbainfeá-sa an t-anam asam-sa; agus dá bpósaḋ sí duine eile is dóċa go mbainfimís araon an t-anam as san. Aċ nuair ná pósfaiḋ sí aoinne ċoíḋċe