ní ḃeiḋ aoinne agam-sa ná agat-sa ná againn araon ċun an anama ḃaint as! Is dian ṁaiṫ atá an sgéal socair aici!”
“Is fíor ḋuit sin, a Ċuinn,” arsa Caoilte. “Ṡocaruiġ sí é i dtreó go ḃféadfaimíd ḃeiṫ ag baint spóirt as, an rud atá agat-sa 'á ḋéanaṁ anois, agus i dtreó go ḃfuil ar ár gcumas ḃeiṫ muintearṫa caradaċ le n-a ċéile. Tá gáḋ againn anois le muintearṫas agus le caradas. Is dóiċ liom naċ ró ḟada go mbeiḋ naṁaid agus eascáirde ar ndóṫin againn.”
“Is fíor ḋuit sin, a Ḋuinn,” arsa Conn. “Ná béaḋ sé ċóṁ maiṫ againn, agat-sa agus agam-sa a deirim, caradas daingean a ḃeiṫ eadrainn, fé mar atá idir Ṁurċaḋ agus Dúlainn, i dtreó nuair a ḃéimís i lár caṫa go ḃféadfaimís a ċéile ċosaint. Tá ana ċion agam ort ó'n lá úd a ḃuaiḋis orm sa ruiṫ.”
“Ní mó an cion atá agat orm, a Ċuinn,” arsa Caoilte, “'ná mar atá agam-sa ort-sa. Agus a' ḃfuil ḟios agat cad é an ċúis go ḃfuil an cion san agam ort, a Ċuinn?’
“Andaiġ ní ḟeadar, a Ḋuinn,” arsa Conn. “Ní h-eól dom gur ḋeineas aon níḋ riaṁ duit a ṫuillfeaḋ cion dom uait.”
“'Neósfaḋ-sa ḋuit cad a ċuir an cion am' ċroíḋe ort. An gráḋ a ṫaisbeánais a ḃeiṫ agat do Niaṁ. Siné a ḋein é.”
“Aililiú!” arsa Conn. “Ba ḋóiċ liom gur éad, agus fuaṫ ḋom, agus gráin orm, a ṁúisgileóċaḋ sé sin a d' ċroíḋe.”
“Iseaḋ, leis,” arsa Caoilte, “go dtí go ndúḃairt sí liom go raiḃ a h-aigne socair aici ar gan pósaḋ ċoíḋċe. Nuair airiġeas an focal san uaiṫi ḃí ḟios agam gur ḃ' ḟíor an focal. Ansan nuair a ċonac, agus nuair a ṫuigeas am aigne, an gráḋ a ḃí agat-sa ḋi ṫáinig truaġ agam duit. Ansan ṫáinig an cion agam ort. Sin mar a ṫáinig sé. Tá