Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/192

This page has not been proofread.
188
NIAṀ

sé am' ċroíḋe fós, ċóṁ láidir díreaċ agus ḃí sé an uair sin.”

“Is iongantaċ an sgéal é sin, a Ḋuinn,” arsa Conn.

“Isé an sgéal céadna ó m' ṫaoḃ-sa é aċ nár ṫugas fé ndeara é ċóṁ géar agus ṫugais-se fé ndeara é. Ḃí ḟios agam cad é an ċúis n-a mbíoḋ Caoilte ag teaċt fé ḋéin teiġlaiġ Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla. Nuair a ṫánag amaċ ó Ḃrian agus ó Ṁaolṡuaṫain, agus Maolṡuaṫain tar éis an ċinn a ḃaint de'n sgéal dom, dar leis, agus Brian tar éis cóṁairle ṫaḃairt dom ciall a ḃeiṫ agam, ċóṁ luaṫ agus d' ḟéadas mo ṁeaḃair do ċruinniuġaḋ, agus níor ḃ' fuiriste é, ‘Agus Caoilte boċt,’ arsa mise am' aigne féin, ‘cad a ḋéanfaiḋ sé! Tá an sgéal ċóṁ h-olc aige agus 'tá sé agam-sa, nó b'ḟéidir níosa ṁeasa.’ Tá ana ḃáiġ agam leat ó ṡin. Agus feuċ, níor ṫugas fé ndeara an ċúis go dtí anois nuair a ḋ'innsis-se do ṫaoḃ féin de'n sgéal dom.”

Do ṡnaḋmuiġ an ḃeirt a gcaradas go daingean ansan, agus ḃí móráil agus aiteas agus áṫas croíḋe orṫa as san amaċ.

D' adṁuiġdar i gcóṁnuiġe, as san amaċ, gur ṁór an taḃarṫas ó Ḋia ḋóiḃ an caradas san a ḃeiṫ eatarṫa, agus gur ar Niaṁ a ḃí a ḃuiḋċas acu Dia do ṫaḃairt an taḃarṫais sin dóiḃ.



CAIBIDIOL XIII.

CIÚNAS ROIM ṪÓIRṪNIĠ.

An ḟaid a ḃí Brian ar an gcuaird sin, mór-ṫímpal na h-Éirean, ḃí sé ag táṫuġaḋ agus ag dlúṫuġaḋ agus ag méaduġaḋ a nirt ar gaċ aon tsaġas cuma. Do ḃíoḋ sé ag gríosaḋ na ndaoine a ḃíoḋ neaṁ-ṡuimeaṁail. Ḃí a lán