Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/193

This page has not been proofread.
189
NIAṀ

neaṁ-ṡuimeaṁlaċta ins na daoine i n-áiteanaiḃ. Ní ċreid- fidís go raiḃ aon ḃaoġal go dtiocfaḋ naṁaid go dtí go ḃfeicfidís ag teaċt é. Ansan, nuair a marḃófaí a leaṫ agus nuair a fágfaí an leaṫ eile ḋíoḃ leaṫ-ṁarḃ, agus nuair a ḃéaḋ an naṁaid imṫiġṫe agus a gcuid an tsaoġal beirṫe ċun siúḃail aige, ní ċuirfeaḋ aon níḋ 'n-a luiġe orṫa gur ċeart dóiḃ iad féin d'ollaṁuġaḋ mar nár ḃaoġal ná go dtiocfaḋ an naṁaiḋ sin airís. Nuair a ṫagaḋ Brian ameasg daoine de'n tsórd san, ar a ċuaird, ḃíoḋ sé ag ċaint leó agus ag plé leó agus 'ġá ngríosaḋ agus ag spídiúċán orṫa, go dtí go gcuireaḋ sé a ḃfearg suas agus go socaruiġdís ar na h-airm a ṡoláṫar agus ar ṫaiṫíġe ḋéanaṁ díoḃ ċóṁ maiṫ le cáċ. Ḃuaileaḋ duine uime uaireanta, áṁṫaċ, agus ní ḟéadaḋ a ḋíċeal aon spionaḋ ċur 'n-a ṁisneaċ. Ṫug aon ḟear aṁáin an freagra so air:—

“Ná bí liom, a Árdríġ,” ar seisean. “Dá mbéaḋ sé i n-áiriġṫe agam maireaċtaint míle blian b'ḟearr liom gaċ aon lá de'n ṁíle blian san do ċaiṫeaṁ ar ṁulaċ mo ċinn sa laiṫiġ ag sgláḃaiḋeaċt 'ná aon lá aṁáin do ṫroid!”

B'éigean do Ḃrian eiriġe as. Ní mór de'n tsaġas san, áṁṫaċ, a ḃuail uime ar a ċuaird. Na fir a ḃuail uime, pé neaṁ-ṡuimeaṁlaċt a ḃí orṫa sar ar laḃair sé leó, do ḃain a ċaint an neaṁ-ṡuimeaṁlaċt díoḃ. Do tugaḋ dóiḃ na h-airm agus do cuireaḋ ag déanaṁ na gleacaiḋeaċta iad agus stiúrṫóirí 'n-a mbun, agus ḃí gaċ aon deaḃraṁ nár ró ḟada go mbeidís ábalta ar aġaiḋ a ṫaḃairt ar Loċlanaċ i gcaṫ agus ar ċleas a ṁúineaḋ ḋó.

Um an am 'n-a raiḃ an ċuaird d'á críoċnuġaḋ ḃí measta i n' aigne ag Brian go mbéaḋ suas le ċúig ṁíle ḟiċid fear ollaṁ aige i gcóir na Loċlanaċ nuair a ṫiocfaidís. Do réir a ḃreiṫeaṁantais is go cuan Ḃaile Áṫa Cliaṫ a ḃíodar le teaċt. Ḃí eólus maiṫ taḃarṫa aige do Ċlainn Ċais,