Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/197

This page has not been proofread.
193
NIAṀ

i n-Éirinn a gan ḟios do'n naṁaid, agus a ró ḋeacair do'n naṁaid aon ċor a ċur díoḃ a gan ḟios do Ċaoilte. Ní raiḃ ag gaċ taoḃ le déanaṁ aċ ḃeiṫ 'ġá neartuġaḋ féin ċóṁ maiṫ agus dob' ḟéidir leó é, agus ḃeiṫ a d'iaraiḋ eóluis a nirt do ċoimeád ó'n dtaoḃ eile ċóṁ maiṫ agus dob' ḟéidir leó é, go dtí go bpléasgfaḋ an tóirṫneaċ eatarṫa.

Ḃí ḋá ṡaġas eóluis ag gaċ taoḃ de'n dá ṫaoḃ 'á ċruinniuġaḋ. Ḃí gaċ taoḃ a d'iaraiḋ eóluis a ḋ' ḟáġail ar na neiṫiḃ ab ḟearrr a ḋéanfaḋ cur le n-a neart féin agus ar na neiṫiḃ ab ḟearr a ḋéanfaḋ baint ó neart an taoiḃ eile.



CAIBIDIOL XIV.

CONGNAṀ DO'N ĊONGNAṀ.

Ní raiḃ Brian aḃfad imṫiġṫe ó Ċeann Cora, ar a ċuaird ríġ, agus Niaṁ agus a h-aṫair imṫiġṫe i gcualaċt Ḃriain, nuair a tugaḋ fé ndeara daoine iasaċta ag teaċt ann. Níor cuireaḋ aon tsuim ró ṁór sa méid sin. Ḃíoḋ daoine ag teaċt ó gaċ aon ṗáirt d' Éirinn go ceártain Ṁeargaiġ ag ceannaċ na n-arm. Ḃí cúram teiġlaiġ an Árdríġ i gCeann Cora ar an Árdrígain, níḋ nár ḃ'iongnaḋ, agus ba léir do gaċ aoinne go raiḃ sí ábalta ar a smaċt do ċur i ḃfeiḋm agus ar ṁuintir an teiġlaiġ do ċoimeád fé n-a láiṁ, agus ar a gceann a ċoimeád fúṫa, agus ar a ċur ḟiaċaiḃ orṫa a ngnó ḋéanaṁ mar ba ċeart. D'á ḃríġ sin, nuair a ṫagaḋ daoine iasaċta ann, ní leigeaḋ eagla d'aoinne de ṁuintir an teiġlaiġ aon rud a ṫaḃairt fé ndeara ná aon ċur isteaċ a ḋéanaṁ ar neiṫiḃ nár ḃain leó, dar leó féin.