Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/198

This page has not been proofread.
194
NIAṀ

I n-éaġmuis na ndaoine iasaċta eile d'ár ṫáinig ann ṫáinig Aṁlaoiḃ ann. Sa n-oíḋċe iseaḋ ṫáinig sé, agus ḃí ḟios ag Gormḟlaiṫ roim ré go raiḃ sé ag teaċt. Do ṡleaṁnuiġ sé isteaċ a gan ḟios do'n teiġlaċ. Ní ḟeacaiḋ aoinne é. B'éigean dó teaċt ar an gcuma san mar ḃí an iomad aiṫne sa n-áit air, agus dá ḃfeictí ann é do ṡroisfeaḋ an ráfla Inis Caṫaiġ agus Uíḃ Máine. Ansan do ṡroisfeaḋ sé Murċaḋ agus Brian agus níor ḃ' ḟios cad a ṫiocfaḋ as. Ṫáinig sé ann sa n-oíḋċe, a gan ḟios d'aoinne. Nuair a ḃí sé féin agus Gormḟlaiṫ i ḃfoċair a ċéile, i seómra a ḃí aḃfad isteaċ, do ċuir sí na mílte fáilte roimis. B' ḟuiriste a ḋ' aiṫint ó'n gcuma 'n-ar ġlac sí é go raiḃ an gaol aċamair go maiṫ eatarṫa. Ná féadfaḋ sé ḃeiṫ níb' aċamaire.

“Ó! a ṁic ó, a laoġ,” ar sise, “náċ fada gur ḟéadais teaċt! Ṡíleas ná tiocfá ċoíḋċe. Conus tá an obair ag dul ċun cinn? Caṫin a buailfear an buille do ṡaorfaiḋ sinn ó'n annsgian, ní h-eaḋ aċ ó'n sluaġ annsgian! Caṫin a ṫiocfaiḋ an ċaḃair, a ṁic?”

“Tiocfaḋ an ċaḃair amáireaċ, a ṁáṫair,” ar seisean, “dá mbéaḋ do ṫaoḃ-sa de'n obair déanta.”

“Conus ḟéadfainn mo ṫaoḃ de'n obair a ḋéanaṁ anois agus gan Brian anso? An ḟaid a ḃí sé anso ḃí an eascú san Ṫaiḋg Ṁóir ag faire orm ins gaċ aon ċúinne gaċ aon rae ṡoluis. Ní ḟéadfainn cor a ċur díom gan mé féin a ċur i gcontaḃairt. Tá Murċaḋ ag faire orm. Tá Donn mac Beaṫaċ ag faire orm. 'Sé mo ṫuairim láidir gur ḋein an t-easbog úd a ḃí anso ó'n Róiṁ rud éigin, nó go ndúḃairt sé rud éigin, do ċuir iad go léir ar a gcosaint féin orm. Ṫugas fé ndeara é, cúpla uair, ag feuċaint orm, agus níor ṫaiṫn an ḟeuċaint liom. Ṁeasas gur ḟeuċ sé treasna ṫríom. Ní ḟeadar an doṁan cad a ċuir iad go léir ar a gcosaint féin mar atáid. Níor ḋeineas aon níḋ