Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/199

This page has not been proofread.
195
NIAṀ

a ḋ' ḟéadfaḋ aon rud do ċur ar a súiliḃ dóiḃ. An ḟaid a ḃí Niaṁ anso ag faire orm do leigeas mé féin fé n-a súiliḃ ċóṁ h-osgailte agus dob' ḟéidir dom é. Ḋeineas gaċ aon rud, dar liom, ċun a ṫaisbeáint dí ná raiḃ bríġ ná bunús leis an ḃfaireaċán. Ḋeineas níba ṁó 'ná san. Ṫugas mé féin di ċóṁ h-iomlán san gur dóiċ liom dá ḃfanaḋ sí aḃfad eile anso go mbéaḋ sí curṫa fé 'n gcré agam!”

“Airiú, cad a ċuirfeaḋ fé'n gcré í, a ṁáṫair? Ar nóin ní h-aṁlaiḋ a ṫaḃarfá ḋi féin an rud n-a raiḃ sí ag faire ort sar a dtaḃarfá do Ḃrian é!” ar seisean.

“Ní h-aṁlaiḋ,” ar sise. “Níor ġáḋ ḋom é. Cailín fíor uasal 'n-a h-aigne iseaḋ í. Do deineaḋ árd éagcóir uirṫi nuair a cuireaḋ anso í. Tá sí ana ġéarċúiseaċ, aċ tá sé bun os cionn ar fad le n-a meón agus le n-a nádúr aon rud i ḃfuirm faireaċáin a ṫaḃairt le déanaṁ di. Ní raiḃ fasg agá h-aṫair agus í ṫaḃairt anso. Níor ḋeineas-sa aċ í ṫaċtaḋ agus do ṁúċaḋ le séiṁe agus le soilḃreas agus le gealġáiriteaċt. Go deiṁin le fírinne ḋuit, a Aṁlaoiḃ, do ḃíoḋ truaġ agam do'n ċailín ḃoċt nuair a ċínn í ag casaḋ le gáire ḋéanaṁ agus gan aon ġáire 'n-a croíḋe. Mura mbéaḋ a luaṫaċt a rugadar leó ċun siúḃal í ḃéaḋ sí ar an gclár acu.”

“Ḃí aiṫne agam uirṫi,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ċonac í ṫiar sa ḃaile cúpla uair. Níor ṁeasas gur ḃ' aon rud fóġanta í.”

“Aon rud fóġanta!” arsa Gormḟlaiṫ. “Taḃarfad a ceart féin dí, a ṁic, agus tuigim cad tá agam 'á ráḋ. Isí cailín í is fearr agus is uaisle agus is gile agus is glaine croíḋe agus aigne d'ár ḃuail riaṁ fós umam-sa! Déarfad an méid sin di dá ndéineaḋ sí oiread eile faireaċáin orm. Ní'l fasg ag an muintir a ċuir anso í.”

“Tá sí imṫiġṫe anois, a ṁáṫair, pé 'r doṁan é, agus tá