Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/201

This page has not been proofread.
197
NIAṀ

Níor ṁeasas gur ḃ'ḟéidir a leiṫéid a ḃeiṫ ar biṫ. An oíḋċe úd a ḃíoḃair go léir anso nuair a ċonac tu ag rince léi ṁeasas ná feaca riaṁ aon ḃeirt ċóṁ h-oireaṁnaċ d'á ċéile. Ní mise aṁáin a ṁeas é. D' airiġeas an ċogarnaċ: ‘Ó! náċ áluinn an lánṁa a ḋéanfaidís!’ An ngeallfair dom go bpósfair í má eiriġean linn?”

“Ní'l eiriġṫe linn fós, a ṁáṫair,” ar seisean, “aċ ní dóiċ liom gur miste ḋom a ġeallaṁaint duit go bpósfad í — má ṗósan sí mé. Tá sé i mbéal gaċ aoinne go ḃfuil socair aici 'n-a h-aigne gan pósaḋ ċoíḋċe.”

“Ó'n aiṫne atá curṫa agam uirṫi ní ċuirfeaḋ san féin blúire iongnaḋ orm,” arsa Gormḟlaiṫ. “Tá meón ana ṁaiṫ, ana naoṁṫa, aici. B'ḟéidir go n-aṫaróċ' sí a h-aigne. Is cuiṁin liom cogarnaċ eile ḋ'airiġeas an oíḋċe ċéadna ad' ṫaoḃ-sa. ‘Ó,’ adeirṫí, ‘náċ mór an truaġ sagart a ḋéanaṁ de!’ Cúis ġáire ċúġainn! Aċ pósfair í má ṗósan sí ṫú?”

“Tá go maiṫ, a ṁáṫair,” ar seisean. “Ní dóiċ liom, áṁṫaċ, go bpósfaiḋ sí mé pé taṫant a ḋéanfair uirṫi. Is éagsaṁlaċ an ḃean ṫú, a ṁáṫair,” ar seisean. “Ṁeasas go marḃófá mé níba ṫúisge 'ná mar a leigfeá dom í ṗósaḋ!” “Dá dtuigṫeá a feaḃas mar a ṫuigim-se é ní ṁeasfá san,” arsa Gormḟlaiṫ.

Ṫugadar forṁór na h-oíḋċe ag caint. Ṫug Aṁlaoiḃ cúntas cruinn di ar an neart a ḃí le teaċt go h-Éirinn ċun seilḃ na h-Éirean do ġlacaḋ ċóṁ luaṫ agus ġeóḃaḋ Brian bás. D'inis sé ḋi cad é an neart fear a ḃí ollaṁ ag ríġ Loċlan agus cad iad na loingeas a ḃí ollaṁ ar uisge aige. D'inis sé ḋi cad é an neart fear a ḃí ollaṁ ag ríġ na h-Ioruaiḋe, agus cad iad na loingeas a ḃí ollaṁ ar uisge aige, agus conus mar a ḃí beirt mac an ríġ, an ḃeirt óigḟear ba ṫreise agus ba ṫréine i dtír na h-Ioruaiḋe an